Do Ghairm le Gaeilge – Teicneolaí Oideachais
Labhair Foireann PEIG.ie le hEoin ar na mallaibh faoin obair a bhíonn idir lámha aige mar Theicneolaí Oideachais le UCD.
Cad is ainm duit?
Eoin Mc Evoy
Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?
Oideachas Tríú Leibhéal: UCD. Bím ag obair leis an teicneolaíocht go mór mór i mo ról mar Theicneolaí Oideachais.
Cad a bhí mar spreagadh duit dul ag obair leis an nGaeilge?
Pobal
na Gaeilge a spreag i dtreo na teanga mé. Braithim gur cuid mé de
dhlúthphobal cairdiúil oscailte fáiltiúil agus mé ag labhairt na Gaeilge
agus tugann sé sin an-mhisneach dom. Is breá liom bheith ag obair leis
an nGaeilge san ollscoil, áit a mbuailim le mic léinn as Éirinn agus mic
léinn as áiteacha eile a chuireann spéis i dteangacha agus i gcultúr na
hÉireann.
Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?
D’fhreastail
mé ar Scoil Náisiúnta Dharú agus Coláiste Thulach Mhór, scoileanna nach
Gaelscoileanna iad, sular imigh mé le Gaeilge agus Gearmáinis in UCD.
Ba sa mheánscoil ba mhó a spreagadh mé chun dul i mbun teangacha agus
rinne mé staidéar ar an nGaeilge, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ann
taobh leis an ealaín agus an eolaíocht. Fuair mé an-oideachas i
gColáiste Thulach Mhór i mo chuid ábhar go léir. Ba as Gaeltacht
Chonamara do mo mhúinteoir i gColáiste Thulach Mhór agus d’fhág sé sin a
rian ar mo chuid Gaeilge labhartha.
Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?
Is
breá liom an chruthaitheacht a bhaineann le teacht ar réitigh
(theicniúla nó eile) ar dheacrachtaí a bhíonn ag na mic léinn agus ag an
bhfoireann ó thaobh an teagaisc agus ó thaobh na foghlama de.
An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?
Bíonn!
Bím ag labhairt Gaeilge le mo chuid cairde, táim páirteach i gclub
leabhar (iontach) Gaeilge agus bím ag freastal ar imeachtaí Gaeilge
freisin: REIC, imeachtaí sa Siopa Leabhar, IMRAM, an Pop Up Gaeltacht
agus oícheanta breátha i gClub an Chonartha. Is iomaí deis atá ann an
Ghaeilge a labhairt ach iad a chuardach!
Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?
Bím
ag tacú leis an bhfoireann acadúil anseo i Scoil na Gaeilge, an Léinn
Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus iad ag iarraidh leas a bhaint as
an teicneolaíocht le cur leis an teagasc. Bím ag cruthú áiseanna
foghlama agus measúnaithe ar líne freisin do na mic léinn. Táim i
bhfeighil ar Cultúr@UCD, cuntas Soundcloud na Scoile, agus táim ag obair
in éineacht le Bairbre Ní Chonchúir, Riarthóir na Nua-Ghaeilge in UCD,
ar an tsraith físeán #Gaeilge365, a bhfuil muid ag obair uirthi do
Bhliain na Gaeilge.
Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?
1. Cuir aithne ar an bpobal agus bain sult as bheith i gcomhluadar daoine eile a labhraíonn Gaeilge.
2. Léigh leabhair Ghaeilge.
3.
Cuir feabhas ar do chuid gramadaí agus do chuidse cainte. Má bhíonn tú
cruinn rachaidh do chuid seansanna san earnáil i méid go mór.