Scoth na n-imeachtaí Gaeilge ar siúl ar Oíche Chultúir i mbliana
Oíche Cheoil sa Chistin – Halla Íde, Luimneach
Beidh oíche lán le ceol, rince, amhráin agus scéalaíocht le Micheál Ó Siochrú ar siúl idir 19:00 – 21:00.
Cuirfear fáilte roimh chomhrá i nGaeilge agus i mBéarla.
Songs from visitors in languages other than Irish or English are always very welcome at this annual event. Informal family friendly night of Irish traditional entertainment.
Tuilleadh eolais anseo nó ó 061 417895
Céiliúradh Uíbh Ráthaigh ar an gCillín Liath, Co. Chiarraí
Beidh oíche spleodrach ceoil agus amhránaíochta trí mheán na Gaeilge ar siúl in Ionad Pobail na Dromada ag 20:00 – 22:00, ag ceiliúradh ár dteanga dhúchais agus ár n-oidhreacht ceoil agus amhránaíochta.
A night celebrating our language, music and heritage as Gaeilge.
Tuilleadh eolais anseo nó ó 066 9474123
Seisiún Ceoil in Óstán Valkenburg – Baile an Róba, Maigh Eo
Bígí linn le haghaidh seisiún ceoil, caint, agus sólaistí as Gaeilge
Come join us for some music, chat and refreshments as Gaeilge at 22:00 – 23:30.
Tuilleadh eolais anseo nó ó 087-9781166
Macallaí ón nDaire – An Gildhalla, Doire
Macallaí ón Daire – sraith amhrán i nGaeilge le hamhránaithe áitiúla Ghaeilge
Echoes from the Oakgrove – Local singers showcase songs in the Irish language
Tuilleadh eolais anseo nó ó 028 71 376 579 nó gaeilge@derrystrabane.com
Abair Amhrán i gCathair Dónaill, Co. Chiarraí
Beidh ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós faoi stiúir Mhaeve Ní Dhuinnín ar siúl idir 17:00 agus 18:00. Is í áit dhúchais Thomáis Rua Uí Shúilleabháin, file agus údar amhráin atá fós i mbéalaibh daoine.
Tá an ócáid oscailte do gach duine, óg agus aosta, agus á reáchtáil trí Ghaelainn.
Sean-nós singing workshop for all ages as Gaeilge.
Tuilleadh eolais anseo nó ó 066 947 4888
Conradh na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath
Tar go Conradh na Gaeilge agus glac páirt i dturas treoraithe a spreagfaidh tú le níos mó a fháil amach faoi Athbheochan na Gaeilge. Beidh turais ar siúl idir 18:30 – 22:30 oíche Dé hAoine.
Take a tour of the historic building where Michael Collins and Éamon de Valera worked and where Dáil Éireann was created.
Tuilleadh eolais anseo nó ó 01 475 7401