Cláraigh do Nuachtlitir WhatsApp PEIG.ie – an chéad fhóram eile le teacht ar nuacht an lae
Cláraigh go gasta ag an nasc seo
Tá nuachtlitir laethúil ag PEIG.ie le tamall de bhlianta anuas agus anois tá nuachtlitir eile bunaithe againn, Nuachtlitir WhatsApp. Cé go bhfuil an nuachtlitir ríomhphoist ag dul ó neart go neart feictear dúinn go bhfuil úsáid ríomhphoist ag meathlú agus an pobal ag dul i dtreo ardán atá níos fusa le húsáid agus nach bhfuil chomh foirmiúil céanna.
Tá PEIG.ie ag iarraidh a bheith chun tosaigh ar na hathruithe nósanna seo a bhíonn ag titim amach ar luas lasrach i ndomhain na teicneolaíochta sa lá atá inniu ann. Tuigtear dúinn go mbíonn daoine níos gnóthaí ná riamh na laethanta seo agus go bhfuil an-luach lenár gcuid ama ar fad. Déanann ár Nuachtlitir WhatsApp sé níos fusa teacht ar nuacht an lae i mbealach nach bhfuil mórán iarrachta ag baint leis.
Chomh maith le nuacht an lae cuirfear eolas eile faoi chúrsaí atá ag titim amach i saol na Gaeilge faoi do bhráid: eolas maidir le himeachtaí móra, uasdátaithe folúntas agus réimse leathan rudaí eile a mbeadh suim ag an bpobal iontu. Tapaigh an deis clárú dár nuachtlitir WhatsApp, a sheoltar gach maidin ó Luan go hAoine díreach chuig d’fhón ag 9:30.
Cláraigh trí:
- Uimhir PEIG.ie a chur mar theagmhálaí agus
- Teachtaireacht a chur chugainn ar WhatsApp ag rá ‘Tosaigh’
Agus sin sin! Más maith leat éirí as an liosta postais ní gá ach teachtaireacht a chur chugainn ag rá ‘Stop’ agus bainfear den liosta thú.
Cláraigh anseo