Thug leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin a céad óráid sa 33ú Dáil i nGaeilge amháin chun “aird a tharraingt ar ghéarchéim na Gaeltachta”.
Ag moladh ceannaire a páirtí, Eamon Ryan, mar Thaoiseach, a bhí an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath-Ráth an Dúin nuair a rinne sí a ráiteas faoina leochailí is atá an Ghaeltacht.
Tharraing ráiteas eile a rinne Catherine Martin faoin nGaeilge aird an phobail in 2016.
Dúirt sí an uair sin go raibh pobal na teanga ag brath ar gach polaiteoir sa Dáil “ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn”.
“Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta,” a dúirt sí.
Bhí i bhfad níos mó Gaeilge sa Dáil inniu ná mar a bhíonn de ghnáth agus cúpla abairt nó níos mó ná sin ag Teachtaí Dála éagsúla.
Ba iad Catherine Martin agus an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly an t-aon bheirt a thug píosaí cainte uathu i nGaeilge amháin.
Dúirt Catherine Connolly go raibh sí ag súil go gcloisfear níos mó Gaeilge sa Dáil nua.
Labhair roinnt Teachtaí Dála eile roinnt Gaeilge agus iad ag déanamh comhghairdeachais leis an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl as a atoghadh agus ag moladh a rogha féin do phost an Taoisigh.
Ar na Teachtaí Dála sin a raibh Gaeilge ina gcuid óráidí, bhí an Taoiseach Leo Varadkar, Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, agus Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin.
Ceathrar a cuireadh a n-ainmneacha faoi bhráid na Dála do phost an Taoisigh tráthnóna – Leo Varadkar, Fine Gael, Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Micheál Martin, Fianna Fáil, agus Eamon Ryan, an Comhaontas Glas.
Tá fiúntas na n-iarrthóirí sin á phlé faoi láthair.
Níl dóthain tacaíochta ag aon duine acu chun go dtoghfaí mar Thaoiseach iad.