Tá ráite ag Éamon Ó Cuív gurb é atá beartaithe ag Fianna Fáil ná iarracht a dhéanamh dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus an Comhaontas Glas agus go bhfuil sé féin glan in aghaidh a leithéid de shocrú.
Chinn páirtí parlaiminte Fhianna Fáil inné nach rachfaí isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin ach go rachfaí chun cainte le gach páirtí eile.
Is é Ó Cuív an chéad pholaiteoir de chuid Fianna Fáil a bhfuil ráite aige go neamhbhalbh gurb ionann sin agus cinneadh a dhéanamh dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael.
Dúirt sé an méid sin agus é faoi agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
“An rud atá i gceist ag Fianna Fáil a dhéanamh, dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus na Glasaigh. Má bhreathnaíonn tú ar na figiúirí, sin an t-aon rud a thabharfadh móramh duit… tá mise ina aghaidh sin, glan ina aghaidh sin, agus rinne mé sin soiléir ag an gcruinniú.
“Vótáil an pobal le haghaidh athruithe, dúirt muide nach raibh muid ag dul le Fine Gael, dúirt muid go raibh muid ar son athruithe, go raibh gá le hathrú rialtais.”
Dúirt Ó Cuív go mbeadh cruinniú ag Comhairle Dháilcheantar Ghaillimh Thiar d’Fhianna Fáil an tseachtain seo chugainn chun an cheist a phlé.
Tuairiscíodh roimhe seo nach raibh aon chur i gcoinne sheasamh cheannaire an pháirtí Micheál Martin ag cruinniú an lae inné ach dúirt Ó Cuív gur labhair sé i gcoinne cur chuige comhrialtais an pháirtí agus gur léiríodh tacaíocht dá thuairim.
“Bhí roinnt daoine. Bhí mionlach taobh istigh den pháirtí parlaiminte míshuaimhneach faoin socrú seo … daoine suntasacha .”
Chuirfí aon socrú maidir le comhrialtas faoi bhráid Ard-Fheis an pháirtí, a dúirt Ó Cuív.
Dúirt an t-iar-aire nach mbeadh aon socrú soláthair agus muiníne eile idir Fine Gael agus Fianna Fáil.
“Comhrialtas atá i gceist, níl sé i gceist ag Fine Gael soláthar agus muinín a dhéanamh le Fianna Fáil, agus níl sé i gceist ag Fianna Fáil soláthar agus muinín a dhéanamh le Fine Gael, ná bíodh aon dul amú ort,” arsa Éamon Ó Cuív ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.