7 gceist ghramadaí sa Ghaeilge a chuireann daoine amú go minic
Glactar go bhfuil an-dúshlán ag baint le cruinneas scríbhneoireachta a bhaint amach sa Ghaeilge. Tagann na mílte ceist chun cinn fiú leis na codanna is bunúsaí de struchtúr na teanga agus is minic go ndéanann cainteoirí líofa botúin bheaga anois agus arís mar gheall ar an gcastacht dhúshlánach seo.
Seo thíos liosta de bhotúin choitianta a dhéantar nuair atáthar ag scríobh na teanga. Tá súil againn go dtiocfaidh siad i gcabhair ort.
Dá bharr nó de bharr?
Sa chás seo caithfidh an ginideach teacht i ndiaidh De bharr. Ní féidir leis seasamh ann féin. Ar mhaithe le teacht timpeall air seo baintear úsáid as Dá bharr.
Dá bharr sin, chuaigh sé abhaile – Due to that, he went home.
De bharr na heachtra, chuaigh sé abaile – Due to the event, he went home
Geilleagar nó eacnamaíocht?
Geilleagar – economy
Eacnamaíocht – economics
Is ionann geilleagar agus an córas eacnamaíoch atá againn sa tír seo. Tá geilleagar na tíre faoi strus, cuir i gcás.
Is éard is brí le heacnamaíocht ná staidéar ar an ngeilleagar agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis. Rinne sé staidéar eacnamaíocht na trádála, cuir i gcás.
Bogearraí nó bogearra?
Is minic go gcuirtear mearbhall ar an té atá ag plé le húsáid na bhfocal seo nuair atá an focal Béarla software á aistriú.
Dar le Téarma.ie is é bogearraí an leagan níos cirte ach go nglactar le bogearra freisin san iontráil seo. Mar sin is léir go nglactar leis an dá cheann.
Dánlann seachas dánlann ealaíne
An chiall atá leis an bhfocal dánlann sa Bhéarla ná Art Gallery.
É sin ráite is minic go gcuirtear an focal ealaíne ina dhiaidh mar gheall ar an nósmhaireacht sa Bhéarla. Sa chás seo is cuí úsáid a bhaint as an bhfocal dánlann ina aonar.
Cur chuige agus cur i láthair sa ghinideach
Mar gheall ar stádas ilfhoclach na nathanna seo is minic go gcuirtear amú an té atá ag iarraidh iad a chur sa tuiseal ginideach.
Leanann siad nósanna firinscneacha sa tuiseal sin, tábhacht an chur chuige agus fad an chur i láthair cuir i gcás.
Buachaill cara nó cara fir?
Tá raon an Bhéarla go mór le feiceáil ar an nath buachaill cara a chloistear go forleathan. Sa chás seo tá nath saibhir Gaeilge atá ann a bhfuil an chiall chéanna leis.
Is fearr cara fir a úsaid mar aistriúchán ar boyfriend agus cara mná mar aistriúchan ar girlfriend. Seachain an béarlachas más féidir!
Chomh maith leis sin nó chomh maith le sin?
Tá Gaeil áirithe ag ardú na ceiste seo le fada an lá go ndéana Dia Diarmaid díobh. Má táthar ag baint úsáid as struchtúr den saghas seo caithfear an forainm réamhfhoclach firinscneach sa tríú pearsa uathu a úsáid i gcónaí: leis, as, faoi, air, de, chuige, uaidh agus eile cuir i gcás.
Chomh maith leis sin ✔️
Chomh maith le sin ❌
An bhfuil cúl aige seo? ✔️
An bhfuil cúl ag seo? ❌
Anuas air sin ✔️
Anuas ar sin ❌
Mar gheall air sin ✔️
Mar gheall ar sin ❌
Ag teacht roimhe sin ✔️
Ag teacht roimh sin ❌
An bhfuil boladh uaidh seo? ✔️
An bhfuil boladh ó seo? ❌
D’fhéadfaí liosta an-fhada a bheith againn anseo de na botúin eile a dhéantar.
An chomhairle is fearr atá againn chun do chuid cruinnis a fheabhsú ná síorúsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar líne: Foclóir.ie, Teanglann.ie, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, An Gramadóir, Téarma.ie, Aistear.ie agus eile.