10 n-áit le cuairt a thabhairt orthu agus tú ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i dTír Chonaill
1. Cionn Mhálanna | Malin Head
Is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn. Tá stair agus béaloideas sáite sa cheantar. Is ceantar é Cionn Mhálanna do gach duine. Tig leat a bheith ag siúl, ag iascaireacht, ag snámh, dul i mbun grianghrafadóireachta, staidéar a dhéanamh ar fhoirmíochtaí carraigeacha nó flóra neamhchoitianta. Tá sé gar do chúrsaí gailf iontacha Inis Eoghain freisin.
2. Teach Solais Fhánada | Fanad Lighthouse
Is teach solais íocónach é Teach Solais Fhánada. Vótáladh é mar cheann de na tithe solais is áille ar domhan agus is furasta a fheiceáil cén fáth. Bíonn grianghrafadóirí go rialta ag glacadh pictiúir iontacha atmaisféaracha den struchtúr mealltach seo agus den chósta fiáin mórthimpeall air. Bíonn turais ar fáil inar féidir leat cloisteáil faoi stair an tí solais. Tá fáilte roimh ghrúpaí chomh maith chun turais a ghlacadh.
3. Trá Bhá Íochtair | Murder Hole Beach
Ní bhfaighidh bóithre ar bith anseo thú. Caithfidh fios a bheith agat cá háit gur chóir dul, cé go mbeidh muintir na háite sásta thú a threorú sa treo ceart. Is trá é atá suite ar cheann an Mhill Mhóir ag taobh na nDúnaibh i dTír Chonaill. Tá rún faoi leith ag baint leis an áit, mar sin má tá an seans agat, b’fhiú duit cuairt a thabhairt air.
4. Corrán Binne | Horn Head
Má tá tú ag fanacht i nDún Fionnachaidh, agus mura nglacann tú ach turas cairr amháin caithfidh tú cuairt a thabhairt ar Chorrán Binne. Ón áit seo tá radharc iomlán agat ar na háiteanna is fearr i dTír Chonaill. Féach amach chun na farraige agus feicfidh tú Oileán Thoraí, Cionn Mhálanna, leithinis Ros Goill, tránna agus An Earagail. Áit ar dóigh amach is amach dar linn.
5. Oileán Thoraí | Tory Island
Tá cáil mhór ar Oileán Thoraí mar gheall ar an gceol agus damhsa traidisiúnta. Is áit iontach í d’ealaíontóirí, do ghrianghrafadóirí agus do lucht faire éin. Ní ghlacann turas báid ach 45 nóiméad ó ché Mhachaire Rabhartaigh. Tá radhairc iontacha ann agus is fiú go mór cuairt a thabhairt air am ar bith den bhliain ag brath ar an aimsir!
6. Oileán Ghabhla, Gaoth Dobhair | Gola Island
Cé go bhfuil aithne fhorleathan ar Ghaoth Dobhair mar cheantar Gaeltachta, ní féidir dearmad a dhéanamh ar na hoileáin ghalánta atá ar imeall an chósta aici. Má bhíonn tú choíche i nGaoth Dobhair le linn an tsamhraidh bí cinnte go bhfaighidh tú seans le dul amach go dtí Oileáin Ghabhla. Oileán iargúlta é ach ní thiocfadh leat a bheith in áit níos deise ar lá maith. Bíonn bád farantóireachta ann ó ché Mhachaire Gathlán agus ní ghlacann an turas ach 10 nóiméad ar a laghad ag brath ar an aimsir. Bí cinnte go bhfuil do chuid bia féin isteach leat agus beidh lá ar dóigh agat ar an oileán.
7. Ceann na Cruaiche | Crohy Head
Tá Ceann na Cruaiche suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus tá sé ocht gciliméadar ón gClochán Liath sna Rosa. Tá roinnt foirmíochtaí carraige an-suntasach cosúil leis an áirse chloiche darbh ainm ‘The Breeches.’ Áit iontach do ghrianghrafadóirí agus go minic bíonn pictiúir áille le feiceáil ar Instagram.
8. Trá an Dumhaigh | Dooey Beach
Suite ar chósta iarthuaisceart Thír Chonaill, tá trá an Dumhaigh thart ar 13 ciliméadar ó theas ón gClochán Liath agus tá sí suite in aice le baile beag darbh ainm Leitir Mhic an Bhaird. Trá oiriúnach do shurfáil atá ann agus tá dumhcha dochreidte le feiceáil ansin. Mholfaí stopadh anseo agus tú ag dul i dtreo dheisceart Thír Chonaill.
9. Eas Assaranca | Assaranca Waterfall
Tá an t-eas álainn seo ocht gciliméadar ó Ard an Rátha. Is cuma cén t-am den bhliain tugann sé deis uathúil grianghraf a ghlacadh i gcónaí, agus tá sé le feiceáil i go leor albam taistil faoi thurasóireacht in Éirinn
10. Málainn Bhig | Malin Beg
Is sráidbhaile beag Gaeltachta i dTír Chonaill é baile Mhálanna Bige. Tá sé ocht gciliméadar go leith ó dheas ó Ghleann Colmcille. Tá clú air mar gheall ar a Thrá Bán. Tá an Trá Bán mar a thugtar air suite i mbá a bhfuil cruth crú capaill uirthi. Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na tránna is áille ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.