Tá 48 bonn á mbronnadh ar chlubanna CLG ar fud na tíre an tseachtain seo as an obair atá déanta acu leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Tá na boinn á mbronnadh mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, an scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael.
Cuireann an fhondúireacht deontais ar fáil do chumainn atá cláraithe leis an scéim chun gníomhaíochtaí a chuireann an teanga chun cinn a chur i gcrích. Tá 70 gníomh leagtha amach chun clubanna a mheas le haghaidh bonn a thuilleamh.
Tá an gradam is airde, an bonn óir, bainte amach ag trí chumann i mbliana, sin iad Naomh Anna, Leitir Móir agus Micheál Breathnach i gConamara, agus Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe, i gcontae Aontroma.
Ní mór do chumann 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh chun bonn óir a bhaint amach.
Bhain 12 cumann an bonn airgid amach agus ar a laghad 50% de na gníomhaíochtaí comhlíonta acu. Bhí sé chumann Gaeltachta ina measc – Cumann Caide na Gaeltachta agus Daingean Uí Chúis i gCiarraí; Carna-Caiseal agus Cumann Pheil na mBan Mhaigh Cuilinn i gcontae na Gaillimhe; Cloich Cheann Fhaola i nDún na nGall; agus Cill Chomáin i gcontae Mhaigh Eo.
33 bonn cré-umha de chuid na Fondúireachta a bhronnfar ar chlubanna an tseachtain seo. Tá ceithre chumann Gaeltachta i measc an 29 cumann a chomhlíon 25% nó níos mó de na gníomhaíochtaí – Na Dúnaibh agus Naomh Muire, Íochtar na Rosann i nDún na nGall chomh maith le hOileáin Árann agus Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach i gcontae na Gaillimhe.
Rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, comhghairdeas leis na clubanna ar fad a bhain boinn amach as an obair atá déanta acu ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i mbliain dhúshlánach 2020.
“Tá éacht mór déanta acu uile an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid clubanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh ach go háirithe leis na trí chlub ar éirigh leo an bonn óir a bhaint amach. Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Cumann Micheál Breathnach, Indreabhán, agus CLG Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe. Tá ról fíorthábhachtach ag an nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus molaim go mór a gcuid oibre agus an dea-shampla atá leagtha síos acu,” arsa Uachtarán CLG.
196 cumann ar fad a ghlac páirt i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana, méadú 45% ar an líon a ghlac páirt in 2019. Is í seo an ceathrú bhliain a reáchtáladh an scéim agus deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, go bhfuil sí ag dul ó neart go neart.
“Is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil líon na gclubanna atá páirteach sa scéim ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil siad chomh tiomanta agus chomh díograiseach leis an teanga a chothú sa spórt.”
Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.
Bonn Óir:
Naomh Éanna CLG, Gleann Ghormlaithe | Co. Aontroma |
---|---|
Naomh Anna Leitir Móir CLG | Co. na Gaillimhe |
Cumann Mícheál Breathnach CLG | Co. na Gaillimhe |
Bonn Airgid:
An Bheart CLG | Co. Dhún na nGall |
---|---|
Cumann Báire Setanta CLG | Co. Bhaile Átha Cliath |
Cumann Caide na Gaeltachta CLG, Baile na nGall | Co. Chiarraí |
Cloich Cheann Fhaola, CLG | Co. Dhún na nGall |
Cill Chomáin CLG | Co. Mhaigh Eo |
Cumann Liathróid Láimhe, Eanach Cuan (Dhúin) | Co. na Gaillimhe |
Naomh Colmcille CLG, Baile an Bhiataigh, an Mhí | Co. na Mí |
Áit Tí Chathail CLG | Co. an Dúin |
Fine Ghallainn, CLG | Co. Átha Cliath |
Carna Caiseal CLG | Co. na Gaillimhe |
Daingean Uí Chúis, CLG, An Daingean | Co. Chiarraí |
Cumann Pheil na mBan, Maigh Cuilinn | Co. na Gaillimhe |
Bonn Cré-umha:
Naomh Séamas CLG | Co. Aontroma |
---|---|
Cumann Naomh Pádraig, Droichead Mhaigh Eo | Co. an Dúin |
Na Dúnaibh CLG | Co. Dhún na nGall |
Naomh Muire, Íochtar na Rosann CLG | Co. Dhún na nGall |
Oileáin Árann CLG | Co. na Gaillimhe |
Long Cogaidh CLG | Co. Átha Cliath |
Naomh Fionnbarra, Cabrach. | Co. Átha Cliath |
Gaeil Raghnallach | Co. Átha Cliath |
Atháin CLG, Lios na Graí | Co. Luimnigh |
Cúl CLG | Co. Chiarraí |
Éire Óg, CLG, Inis | Co. an Chláir |
Cumann Peile Uí Chomhraí CLG | Co. an Chláir |
Lámh Dhearg CLG | Co. Aontroma |
Naomh Mochaí CLG | Co. an Dúin |
Ard Cloch CLG | Co. Chill Dara |
Gort na Móna | Co. Aontroma |
Cluain Tarbh CLG | Co. Átha Cliath |
Oileán na hÉireann | Co. Átha Cliath |
Gaeil Triúcha CLG | Co. Mhuineacháin |
Éire Óg CLG, An Charraig Mhór (Iománaíocht) | Co. Thír Eoghain |
An Droim Mór CLG | Co. Thír Eoghain |
Seamróga CLG, Ros Liath | Co. Fhear Manach |
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór | Co. Thír Eoghain |
Baile Dic CLG | Co. Chill Chainnigh |
Cluain Dá Ghad CLG | Co. an Chláir |
Seanchill CLG | Co. Átha Cliath |
Na Solláin CLG | Co. Chill Dara |
Naomh Éanna Baile Buadáin | Co. Átha Cliath |
Seamróga Chonachadh, CLG | Co. Chill Chainnigh |
Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach | Co. na Gaillimhe |
Na Mistéalaigh CLG, Caisleán an Bharraigh | Co. Mhaigh Eo |
Na Fíníní CLG | Co. Chill Chainnigh |
Carraig Seac CLG | Co. Chill Chainnigh |