Tá dhá chiste airgid ar fáil d’fhorbairt fadscannán Gaeilge faoi scéim de chuid an Chiste Craoltóireachta ó thuaidh.
Is é Doineann, fadscannán a seoladh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe le déanaí, an chéad scannán a rinneadh faoin scéim ‘Gealán’.
Is é aidhm na scéime tacú le hearnáil drámaíochta na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus í a fhorbairt d’fhonn ábhar siamsúil atá tarraingteach ar bhonn idirnáisiúnta a léiriú.
Smaointe do dhráma “i gcomhthéacs nádúrtha ina mbeadh Gaeilge á labhairt” agus a bheadh “tarraingteach” ag an phobal “náisiúnta agus idirnáisiúnta” atá á lorg.
Tá £22,500 ar fáil chun dhá thionscadal a fhorbairt agus cuirfear maoiniú £350,000 [€411,311] ar fáil chun tionscadal amháin a léiriú.
Mar chuid den scéim, cuirfear “tacaíocht” ar fáil i réimsí éagsúla den obair forbartha.
Glacfar le hiarratais ó dhaoine aonair nó ó chomhlachtaí léiriúcháin atá lonnaithe ó thuaidh. Cainteoirí líofa Gaeilge iad na scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bheidh i mbun an léirithe, a deirtear.
Mar chuid den tréimhse forbartha cuirfidh eagarthóir scripte le seanchleachtadh ar an gceard tacaíocht ar fáil agus d’fhéadfadh tacaíocht a bheith i gceist ar bhealaí eile chomh maith.
Glacfar le hiarratais go dtí 5pm an 10 Meán Fómhair.