Ar thóir “Pangur Bán”
Scríobh scoláire Éireannach an dán Pangur Bán i mainistir Ghearmáinise thart ar an mbliain 850, i leabhair beag saothair a bhí á úsáid aige. Thaistil manaigh go rialta idir Éire agus an Ghearmáin san 8ú agus 9ú haois. Is focal Breatnaise é “Pangur”; b’fhéidir gur tháinig an scoláire ar an bhfocal agus é ar a bhealach go dtí na mainistreach.
Níor thángthas ar an dán go héasca, áfach. Bhí tuiscint ann le fada go raibh téacs sa tsean-Ghaeilge sa leabhar saothair, istigh i measc na Laidine agus na Gréigise, ach nuair a sheol scoláire ón nGearmáin cóip de na leathanaigh chuig an scoláire Whitney Stokes sa 19ú haois, ní raibh an dán ina measc. Nuair a thug Stokes cuairt i 1871 ar an leabharlann ina dúradh go raibh an leabhar le fáil, theip air an leabhar féin a aimsiú, fiú. Faoi dheireadh, tháinig scoláire eile ar an leabhar arís, agus an dán, agus sheol sé cóip dó ag Ernst Windisch, scoláire a bhí ag bailiú gluaiseanna Gaeilge ó lámhscríbhinní. Is féidir an dán a fheiceáil sa lámhscríbinn thíos, ag bun an leathanaigh ar chlé.
Chuir Windisch aistriúchán den dán ina chuasach Thesaurus Palaeohibernicus i 1903, agus tá sé le fáil anseo agus thíos.
Is an mheadaracht chéanna atá á úsáid i bPangur Bán agus a bhí á úsáid sna hiomainn Laidine ag an am – meadaracht ar a dtugtar ‘deibhidhe’. Is léir gur scoláire agus file léannta ab é an fear a chum Pangur Bán.
Is féidir féachaint ar an téacs Sean-Ghaeilge agus na haistriúcháin Béarla atá le fáil ó Heaney, Flower, Boland srl anseo. Tá taifead den tSean-Ghaeilge le fáil freisin anseo.
Rinne Tadhg Ó Donnchadha (“Tórna”) aistriúchán ón tSeanGhaeilge go dtí na Gaeilge nua-aimseartha agus foilsíodh é san irisleabhar Ériú i 1904.
Is i leabharlann Naoimh Pól san Ostair a bhfaighfeá an leabhar saothair anois.