Gnóthaí gleoite le Gaeilge
Aoife Ní Chrualaoich
Le linn na pandéime, bunaíodh go leor gnóthaí gleoite le gaeilge agus tá siad ag fás lá i ndiaidh lae. Is gá dúinn gnóthaí beaga Éireannacha a thacú gan amhras. Is rud furasta í sin a dhéanamh nuair a bhfuil cuma iontach ar na táirgí go léir ar phraghas réasúnta le cruthaitheoirí den scoth.
Is fiú súil a chaitheamh ar na gnóthaí áille thíos:
Execute Exist
Is gnó beag ach uathúil í Execute Exist. Cruthaítear éadaí priontáilte de láimh agus oiriúntí éagsúla. Tugann an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach inspioráid don chruthaitheoir seo. Mar a deirtear ar an suíomh; tá gach píosa déanta le grá, ag baint úsáid as ábhar athchúrsáile. Ó málaí gualainne agus t-léiní go baréidíní agus geansaithe priontáilte le frásaí gaelacha.
Insta:@executeexist
Réalta the label
Gnó seodra nua is ea ‘Réalta the label’ a bhunaigh beán Éireannach óg Aoife Malone. Is as Béal Feirste í Aoife ach is i Edinburgh atá sí lonnaithe anois. Seodra uiscefhriotaíoch atá i gceist ar phraghas an-réasúnta. Tá fáinní cluaise, muincí, bráisléid agus fáinní le fáil ar an suíomh déanta as ór agus airgead. Tá an-tóir ar ‘Réalta’ le déanaí. Caithigí súil air!
Insta: @realtathelabel
Clodafoto
Gan amhras, is aip iontach í Instagram le haghaidh ealaíontóirí. Tá go leor Éireannaigh ag cruthú priontaí áille ach ceann de na healaíontóirí is mó ná ‘clodafoto’. Cruthaíonn sí priontaí digiteacha gleoite le frásaí dearfacha as Gaeilge. Ní hamháin sin ach is bealach so-aimsithe é níos mó gaeilge a fhoghlaim go héasca.
Insta: @clodafoto
DeBúrca design
Thosaigh Órlaith DeBúrca ag cruthú priontaí ildáite agus d’fhás a comhlacht féin le tamall. Tháinig a suíomh i dtreis le linn na pandéime agus anois, faightear málaí gualainne, hátaí, geansaithe, leabharmharcanna agus go leor eile ar a suíomh. Cé go bhfuil tréimhse na Nollag thart,caithfimida bheith ag faire amach do bhronntanais i gcónaí. Mar sin, an chéad uair eile a bheidh tú ag lorg bronntanais do dhuine éígin nó do dhuit féin, caith súil ar DeBúrca design!
Insta: @deburcadesign
Is rud spreagúil í seo; Éireannaigh óga ag forbairt gairmeacha i rith tréimhse an-dúshlánach. Ní hamháin sin, ach cuireann siad an gaeilge san áireamh ina gairmeacha chun ár dteanga uathúil a scaipeadh agus chun Éireannaigh óga a spreagadh an ghaeilge a labhairt níos mó i saol laethúil. Más maith leat níos mó gnóthaí le Gaeilge a aimsiú cliceáil ar an nasc seo: https://stage.peig.ie/eolaire/ https://stage.peig.ie/eolaire/