Erasmus – An fiú é?
Gach bliain, bíonn deis ag na mílte daltaí tríú leibhéal tréimhse a chaitheamh thar lear, ag déanamh staidéar i dtíortha difriúla. Ar ndóigh, gach bliain bíonn daltaí ann atá amhrasach faoin gcoincheap atá taobh thiar d’Erasmus agus na coinníollacha a bhaineann leis. Rudaí cosúil lena bheith i do chónaí as baile den chéad uair, agus a bheith leat féin, gan chairde, i gcathair strainséartha.
Ach, in ainneoin na himní sin, is deis iontach atá ann nach bhfaighfeá ach uair amháin i do shaol. Is deis é cultúr difriúil a fheiceáil, bia difriúil a ithe agus áiteanna nua a aimsiú. An rud is fearr, áfach, ná na cairde nua a dhéanfaidh tú, ó thíortha éagsúla, agus an feabhas a thiocfaidh ar do scileanna teanga. Is féidir leat triail a bhaint as rudaí nua – mar shampla, spóirt náisiúnta de pé tír a théann tú ann, nó an bia áitiúil. Go minic, caithfidh tú do thréimhse Erasmus i dtír le haimsir atá i bhfad níos teo ná an tír seo, agus is deis iontach é sin chun solais na gréine a ghlacadh agus do scíth a ligean ar thrá éigean i gcéin nuair a mbíonn cúpla laethanta saoire agat.
Is cinnte gur bealach iontach í an t-Erasmus chun fás agus forbairt a dhéanamh ort féin mar dhuine. Bíonn tú freagracht as gach gné de do shaol féin agus mar gheall ar sin, is duine níos láidre neamhspleáiche thú tar éis do thréimhse thar lear. Bíonn ort freastal ar an gcoláiste, siopadóireacht a dhéanamh, agus béilí a shocrú duit féin, agus b’fhéidir go mbeidh ort post a aimsiú ag an am céanna. Bíonn a lán rudaí á láimhseáil agat ag aon am amháin.
Ina theannta an fhorbairt phearsanta sin, cruthóidh tú cuimhní a mhairfidh go deo. Feicfidh tú áiteanna gleoite, rachaidh tú chuig cóisirí le daoine cosúil leat féin, agus déanfaidh tú cairde nua. Osclófar na mílte deiseanna sa todhchaí duit chomh maith, de bharr an líonra idirnáisiúnta a chruthóidh tú le daoine ó na tíortha éagsúla. Caithfidh tú roinnt de na laethanta is fearr de do shaol ar Erasmus.
I ndáiríre, is seans dochreidte é an t-Erasmus agus creidim gur cheart duit an deis a thapú go fonnmhar dá bhfaighfeá í.