Cártaí Nollag ónár n-Eolaire Gnó
Tá na spriocdhátaí chun cártaí agus bronntanais Nollag a sheoladh sa phost ag déanamh orainn go sciobtha – 12 Nollaig do Mheiriceá, 19 Nollaig do Shasana, agus 22 Nollaig don tír seo. Is féidir tuilleadh eolais ar na dátaí seo a fháil ó An Post anseo.
Is fiú mar sin a bheith eagraithe go luath le do chártaí Nollag, agus seo thíos achoimre ónár n-Eolaire Gnó ar na cártaí Nollag gleoite atá ar fáil ó chomhlachtaí éagsúla in Éirinn. Tá an chuid is mó dóibh i nGaeilge agus ar fáil ar líne. Agus is féidir do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na comhlachtaí – bain triail as an Nollaig seo!
Connect the Dots Design
Is siopa ar líne é seo atá lonnaithe ar imeall Bhéal Feirste.
Dingle Wild Card
Is déantóir cártaí í Neasa Murphy, a bhunaigh an comhlacht seo.
Ealaín Iarthar na hÉireann
Cuireann an comhlacht seo cártaí dátheangacha ar ardchaighdeán ar fáil anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Mara Duit
Tá cártaí agus priontaí Gaelacha ar díol acu seo, deartha le grá i nGaeltacht Thír Chonaill.
Mireog
Is comhlacht léiriúcháin agus deartha Mireog, atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise i gContae Phort Láirge.
Prints of Ireland
Bíonn priontaí, cartaí agus málaí tote á ndíol ag an gcomhlacht seo.
Siopa Údar
Siopa ar líne is ea Siopa Údar, a dhíolann earraí Gaeilge cosúil le leabhair, cluichí, t-léinte agus níos mó.
Smaointe
Tionscal baile is ea Smaointe atá lonnaithe ar Cheann Léime i gcontae an Chláir ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Tribes Art House
Díolann an comhlacht seo cártaí agus priontaí, cuimhneacháin chriostalaithe den pheata is fearr leat, na chéad chéimeanna a ghlac do leanbh, nó priontaí ón naíonra, agus go leor eile.
Is cinnte go bhfaighfeá cártaí Éireannacha ó shiopaí eile ar líne freisin:
- Siopaí leabhair cosúil leis An Siopa Leabhair
- Siopaí ginearálta cosúil le Siopa an Carn
- Siopaí nua ar líne cosúil le AsGaeilge
Agus dar ndóigh, is dóichí ná a mhalairt go bhfuil cártaí Éireannacha i siopaí áitiúla i do cheantar.
Seo cúpla nod freisin ar bhronntanais álainn is féidir a cheannach ó chomhlachtaí eile inár n-Eolaire Gnó.
Is féidir níos mó gnóthaí cosúil leo seo a fheiceáil san Eolaire Gnó, agus, más tá gnó agat féin, is féidir clárú ar an eolaire anseo.