Brón agus briseadh croí dúinn go léir a chloisint go bhfuil Sinéad O’Connor imithe uainn gan choinne.
Suaimhneas síoraí go mbí ag an gcréatúr a raibh de chuma uirthi go raibh trioblóidí móra an tsaoil á leanúint.
Bás tragóideach a mic óig Shane ní fada ó shin. Na meáin á clipeadh is á crá leis na cianta.
Ba bheag suaimhneas a thugadar di.
Í leochaileach go maith ó thaobh sláinte intinne an créatúir.
Guth cinn ós na flaithis anuas.
An raibh amhrán ná raibh sí ábalta a rá gan a croí is a hanam a nochtadh?
Sheasfá sa sneachta ag éisteacht léi, mar a deir na Connachtaigh.
Ní hamháin gur chan sí popamhráin go ceolmhar binn, ach bhí sí gan cháim chomh maith agus amhráin Ghaeilge á gcanadh aici.
An t-anam is an spleodar is an paisean lena gcanann sí Óró Sé do Bheatha Abhaile ar dhlúthdhiosca a chuir sí amach cúpla bliain ó shin…
Spreagfadh sí duine éirí amach agus troid ar son na hÉireann mar a bhí i gceist ag ár laoch Pádraig Mac Piarais, nuair a d’athscríobh sé an sean-amhrán, más fíor na húdair.
Bhí sí misniúil cróga ina saol i gcónaí.
Ar an gclár cáiliúil Meiriceánach Saturday Night Live, strac sí is dhein dhá leath de phictiúir Phápa na Róimhe, a’ díriú aird ar an truailliú morálta a dhearbhaigh sí a bhí san Eaglais Chaitliceach ag an am.
Dhein an beart cróga san an-díobháil dá gairm sna Stáit Aontaithe ag an am.
Fuair sí sciúrsáil ós na meáin.
Ach féach cé a déarfadh nach raibh an ceart aici aird a dhíriú ar chleachtais éagóracha lofa na linne san.
Ní raibh aon aithreachas riamh uirthi gur labhair sí amach.
Bean mhisniúil chróga a raibh tallann aici ós na flaithis anuas.
Guth aoibhinn ceolmhar. Nach sinn a bhraithfidh uainn í.
Sólás dúinn gur imithe romhainn is ní imithe uainn atá sí.