Beidh Féile na nDéise ar bun an deireadh seachtaine seo i nDún Garbhán agus i nGaeltacht na nDéise.
Is comhfhiontar atá sa bhféile idir na hoifigigh pleanála teanga sa dá cheantar. Tá Bróna Coleman ina hOifigeach Pleanála Teanga le Dún Garbhán le Gaeilge agus Tomás Ó hÓgáin ina Oifigeach Pleanála Teanga le Comhlucht Forbartha na nDéise.
“Bíonn comhoibriú rialta idir an bheirt againn agus bíonn na hoifigigh pleanála teanga i gcónaí i dteagmháil chun tacú lena chéile.” a deir Bróna Coleman.
“Seo an chéad uair, áfach, go bhfuil sraith ócáidí thar an deireadh seachtaine á reáchtáil againn lena chéile,”.
Táthar ag súil go mbeidh freastal maith ar an bhféile agus go leor de na himeachtaí beagnach lán cheana féin.
“Táimid ag tnúth go mór le feiscint conas mar a théann sé agus muid ag súil go mbeidh sé ag fás agus ar siúl gach bliain amach anseo,” a deir Bróna Coleman.
Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna Dé hAoine agus oíche tapas á heagrú sa Local i nDún Garbhán agus táille €20 an duine air. Cuirfear ócáid Pop-Up Gaeltacht ar bun ag deireadh na hoíche, ag tosú ag 10:00pm.
Leanfar leis na himeachtaí maidin Dé Sathairn agus bricfeasta as Gaeilge ar siúl i dTigh Tábhairne Mooney sa Rinn ón 11am go dtí a 1pm. agus beidh bricfeasta ar fáil ar leathphraghas mar chuid den fhéile.
Beidh tóraíocht taisce i gColáiste na Rinne do pháistí san iarnóin ar an Satharn, ag tosú ag 2pm. Is é an zú-eolaí áitiúil Éinne Ó Cathasaigh a bheidh ar an stiúir agus beidh féiríní beaga ar fáil do na páistí i ndiaidh na tóraíochta taisce.
Ar an Domhnach cuirfear seisiún ióga trí Ghaeilge ar fáil do theaghlaigh agus is í Chantelle ó Suaimhneas Yoga i nDún Garbhán a bheidh á mhúineadh.
Is deis atá sa bhféile chun nascanna idir an dá áit agus an dá phobal a dhéanamh agus a láidriú, a deir Coleman.
“Tugann an comhoibriú seo deis do dhaoine ón dá ceantar bualadh le chéile agus b’fhéidir bualadh le daoine nua a bhfuil suim acu sa teanga. Dos na foghlaimeoirí atá ag teacht, is deis mhaith í dóibhsean labhairt le daoine agus a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Tá cúpla ócáid do theaghlaigh ar siúl i rith an deireadh seachtaine agus is deis iontach dóibh siúd atá ag tógáil páistí le Gaeilge bualadh le chéile agus taitneamh a bhaint as ócáidi i nGaeilge.”
Is féidir clárú d’imeachtaí na féile ag an nasc anseo.