Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ceap-magaidh-go-bhfuil-25%-de-na-muinteoiri-ata-ag-muineadh-i-ngaelcholaiste-gan-ghaeilge’-–-priomhoide

‘Ceap magaidh go bhfuil 25% de na múinteoirí atá ag múineadh i nGaelcholáiste gan Ghaeilge’ – Príomhoide

Deir príomhoide Gaelcholáiste i mBré, i gcontae Chill Mhantáin gur ceap magaidh é nach bhfuil Gaeilge ag 25% de na múinteoirí atá ag obair sa scoil toisc go bhfuil sé chomh deacair múinteoirí cáilithe a earcú.In agallamh le Tuairisc, deir Deaglán Ó Laoire, Príomhoide Choláiste Ráithín i mBré, go bhfuil an t-easnamh mór sa soláthar múinteoirí le Gaeilge ag cur as do chaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge atá ar fáil do dhaoine óga.

Deir Ó Laoire, a bhfuil ceithre bliana caite aige ina phríomhoide ar Choláiste Ráithín, go bhfuil sé “beagnach dodhéanta” múinteoirí le Gaeilge a earcú agus nach bhfuil aon chuma air go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí.

“I ndáiríre, ní fhaigheann tú iarrthóirí le Gaeilge, sin bun agus barr an scéil. Tá poist fógartha againn anseo arís agus arís eile.

“Má tá an t-ádh ort duine amháin a mhealladh, is annamh a aimsíonn tú duine le Gaeilge,” a dúirt sé.

Deir Ó Laoire “go ngoilleann sé go mór” air go mbíonn air múinteoirí gan Gaeilge a earcú ach nach mbíonn aon rogha aige.

“Nílim ag cáineadh aon duine atá againn anseo atá gan Ghaeilge ach is ceap magaidh é go bhfuil 25% den fhoireann ag feidhmiú i nGaelcholáiste gan Ghaeilge.

“Táim i ndeireadh na feide ag an bpointe seo. Táim sa ról seo le ceithre bliana anuas agus bíonn na deacrachtaí céanna againn chuile shamhradh. Athraíonn na hábhair is dócha ach tosaíonn tú amach gach bliain gann ar go leor múinteoirí agus bíonn impleachtaí móra aige sin do dhaltaí.

“Is ceann de spriocanna na scoile é barrfheabhas a bhaint amach san oideachas. Tá sé ag tarlú in áiteanna sa scoil ach níl sé in áiteanna eile. Sa chás ina bhfuil an príomhoide agus an leas-phríomhoide gafa ag clúdach ranganna nach bhfuil siad cáilithe a bheith a mhúineadh ni fhéadfá a rá go bhfuil barrfheabhas á bhaint amach.”

Dúirt Ó Laoire gurb éigean dó féin agus don leas-phríomhoide níos mó ná míle rang a chlúdach anuraidh.

An tseachtain seo, an chéad seachtain den scoilbhliain nua, bhí 132 rang gann ar mhúinteoirí i gColáiste Ráithín.

“Is iad na daltaí a bhíonn thíos leis i ndáiríre. Srian á chur ar an méid ábhar atá ar fáil dóibh agus an méid sin ranganna saora a bhíonn ag ár ndaltaí, tá sé náireach. Níl a fhios agam céard is féidir a dhéanamh faoi ag an bpointe seo, tá mé ag iarraidh a bheith cruthaitheach, tá muid ag baint leas as na scoileanna máguaird, tá muid ag íoc as daoine le teacht agus teagasc a dhéanamh tar éis am scoile ach i ndáiríre tar éis ceithre bliana tá mé ag cailleadh mo mhisnigh faoin gcás.”

Dúirt Ó Laoire go raibh folúntas do mhúinteoir gairmthreorach fógartha trí bliana as a chéile agus nár éirigh leo duine a fháil. Sa deireadh, thug múinteoir sa scoil faoin cháilíocht, cúrsa dhá bhliain, chun an tseirbhís a chur ar fáil i nGaeilge sa scoil.

“Tá an fhoireann anseo ag déanamh a seacht ndícheall le freastal ar na daltaí agus tá siadsan i ndeireadh na feide chomh maith mar gach uile bliain bím ag impí orthu níos mó agus níos mó a dhéanamh. Níl sé sin féaráilte orthusan ach oiread.

“I mbliana, bhí orm grafaic dheartha agus chumarsáide a bhaint ón gclár ama. Bhí orm corpoideachas a bhaint ón gclár ama anuraidh. Níl Gearmáinis ar fáil do dhaltaí i mbliain a haon i mbliana, níl Fraincis ar fáil do dhaltaí eile.”

Dúirt Ó Laoire gurb é an rud “is measa” uilig faoin scéal nach bhfuil an soláthar oideachais a theastaíonn uathu á chur ar fáil do na daltaí mar gheall nach bhfuil múinteoirí ar fáil.

“Bíonn ar phríomhoidí a bheith cruthaitheach chun na fadhbanna sin a réiteach. Sheol mé daltaí chuid Gaelcholáistí eile, bhí daltaí ón scoil ag dul chuig scoileanna eile le ríomheolaíocht agus grafaic dheartha a dhéanamh. Bíonn muid ag fostú daoine lasmuigh den scoil san iarnóin chun teagasc agus cosnaíonn sé na mílte euro ar an scoil gach bliain na daoine sin a fhostú. Tá an t-ádh orainn go bhfuil daoine toilteanach teacht agus ár ndaltaí a mhúineadh lasmuigh den scoil ach níl sé sin ceart ná cóir,” a dúirt Ó Laoire.

Dúirt Ó Laoire, nach raibh aon rud a mheallfadh múinteoirí le dul ag obair i scoil lán-Ghaeilge seachas scoil Bhéarla.

“Bhí agallamh socraithe againn Dé hAoine seo caite. Bhí ochtar le bheith faoi agallamh. Tharraing seisear amach an lá roimhe agus níor tháinig ceachtar den bheirt eile ar an lá. Sin an áit a bhfuilimid.

“Má bhíonn an rogha ag múinteoir a bheith ag teagasc i scoil Bhéarla nó i scoil Ghaeilge, níl aon rud le múinteoirí a mhealladh chuig scoil Ghaeilge,” a dúirt Ó Laoire.

Níos mó