Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
i-dteannta-a-cheile-is-fearr-sinn,-fiafraigh-de-mhuintir-phriomhchathair-chultuir-na-heorpa-e

I dteannta a chéile is fearr sinn, fiafraigh de mhuintir phríomhchathair Chultúir na hEorpa é

Agus an domhan ina chíor thuathail inniu níos mó ná riamh, nach deas cuimhneamh ar ghné éigin den saol a d’ardódh an croí ionat.

Cathair a bhí deighilte ag achrann fuilteach ciníoch siar amach, cathair atá síochánta inniu, roghnaithe ar cheann de chathracha Cultúir na hEorpa don mbliain seo chugainn, 2025.

Sa bhliain 1947 roinneadh an chathair Gorizia, atá i ngiorracht céad is a daichead ciliméadar den Veinéis, ina dhá leath idir an Iodáil agus an tSlóivéin.

Mar a rinneadh i mBeirlín tógadh falla mór millteach trí lár an bhaile síos ag deighilt is ag scaradh comharsana, gaolta is cairde.

D’imigh san agus tháinig seo, mar a deir an cliché. Nach mór cheithre fichid bliain ina dhiaidh san tá áitreabhaigh na cathrach Nova Gorica-Gorizia tar éis éacht a dhéanamh agus iad tagtha le chéile mar aon phobal amháin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ngradam atá bronnta orthu don mbliain seo chugainn 2025, a bheith mar cheann de chathracha cultúir na hEorpa.

Tuar dóchais laethanta ina bhfuil achrann ciníoch ar ‘leic an dorais’ againn féin.

Ba í aire cultúir na Gréige, Melina Mercourí, agus a leathbhádóir Francach, Jack Lang a thosnaigh an nós seo, siar sa bhliain 1985.

Is iontach go deo an nós é sin ag ‘údaráis na hEorpa’ gradam mar é a bhronnadh ar chathracha fé leith, cathracha gur beag é ár n-eolas orthu agus gan iad chomh fada san ó bhaile uainn.

A’ súil ag an am céanna ná beidh an iomarca turasóirí ná ceoláin, leithéidí ‘lager louts’, á mealladh chucu agus ag lot na síochána orthu.

Le roinnt blianta anuas tá an gradam Eorpach seo á roinnt ar dhá chathair ag an am céanna

Is í an chathair eile atá roghnaithe don mbliain seo chugainn Chemnitz in oirthear na Gearmáine.

Cathair an-cháiliúil ab ea Chemnitz le linn réabhlóid thionsclaíoch na Gearmáine.

Baisteadh Karl-Marx Stadt uirthi sna caogaidí in onóir an réabhlóidí iomráitigh é féin agus tá a dhealbh ina sheasamh go láidir ansin fós.

Tá sé ráite nár thug sé féin turas ar an gcathair riamh, ach gur mheas na húdaráis ag an am, gur chóir an onóir a thabhairt dó de dheasca a cháil dhomhanda.

Níl Éire in áit na leathphingine nuair a thagann sé go dtí an gradam seo a bheith fachta againn.

Bronnadh trí huaire orainn é, ar chathair Bhaile Átha Cliath i 1991, ar chathair Chorcaí in 2005. agus ar chathair na dTreabh, an Ghaillimh in 2020.

Is cuimhin le han-chuid againn gur chuir paindéim an Chovid-19 is an drochaimsir an kibosh ar shearmanas thús an cheiliúrtha ag cathair na Gaillimhe, ach thángadar chucu fhéin tar éis tamaill…

Deinimis ceiliúradh ar chultúr ‘dearfach’ na ndaoine éagsúla go léir a mhaireann i gcathracha na hEorpa in ionad a bheith ag toirmeasc is a cothú fuatha mar atá an-chuid na laethanta seo.

I dteannta a chéile is fearr sinn.

Níos mó