Deir an Foras Pátrúnachta gur “in olcas” a rachaidh an meath ar earnáil an ghaeloideachais mura dtiocfaidh an Roinn Oideachais ar mhúnla nua chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.
Tá cruinniú á lorg ag An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge, leis an Roinn Oideachais chun “leigheas” a fháil ar an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge agus ar an titim atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge.
I litir atá curtha ag Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta Caoimhín Ó hEaghra chuig Tomás Ó Ruairc, rúnaí cúnta a bhíonn ag plé le cúrsaí polasaí agus straitéise sa Roinn Oideachais, deirtear gur “údar imní” é gur tháinig laghdú i mbliana den chéad uair le 50 bliain ar líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge.
Cinneadh na Roinne Oideachais “gan scoileanna nua a cheadú́ ach scoileanna reatha a fhás,” is cúis leis an titim, a deir Ó hEaghra.
Deirtear sa litir go bhfuil soláthar iomarcach scoileanna Béarla agus “easpa soláthair lán-Ghaeilge sa tír” agus go dteastaíonn múnla nua chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú le dul i ngleic leis an éileamh mór atá ar an ghaeloideachas, éileamh nach bhfuil soláthar ann dó.
“Níl an fhadhb seo ach chun dul in olcas mura ndéanfaimid an deis a thapú́ próiseas faoi leith a thabhairt isteach chun an líon gaelscoileanna agus gaelcholáistí́ a fhás,” a deir Ó hEaghra.
Ar na hábhar is mian leis An Foras Pátrúnachta a phlé leis an Roinn Oideachais tá múnla na scoile satailíte agus an gá le gaelcholáistí́ a bhunú sna ceantair is mó éileamh.
Deir Ó hEaghra go bhfuil an rialtas “ag teip” ar an ghaeloideachas agus go dtéann polasaí na Roinne Oideachais gan scoileanna nua a bhunú i gcoinne spriocanna an rialtais féin i dtaobh na Gaeilge, ina measc an sprioc go mbeidh 20% d’earcaigh sa státchóras inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.
“Tuigimid go mbíonn éileamh ar acmhainní́ na Roinne agus go bhfuil titim i ndán don daonra scoile sa tír. Is gá a aithint, áfach, nach féidir spriocanna an stáit féin a bhaint amach gan struchtúir agus acmhainní́ cuí a bheith curtha ar fáil,” a deir Ó hEaghra.
Deir An Foras Pátrúnachta gur chóir go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil d’aon dalta ar mian leo é agus go bhfuil “deis faoi leith ann” réiteach a fháil ar an cheist tráth a bhfuil an Polasaí́ don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á ullmhú ag an Roinn.
Tá ráite ag an Roinn Oideachais go mbeidh an dréachtpholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge réidh le cur faoi bhráid lucht an Ghaeloideachais an mhí seo chugainn.
Léirigh anailís a rinne Tuairisc ar fhigiúirí na Roinne Oideachais níos luaithe i mbliana gur tháinig laghdú ar chéatadán na ndaltaí scoile sa stát a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, gach bliain le trí bliana anuas.
Ag leibhéal na bunscoile, tá céatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge tite ó 8.1% go dtí 8.0% idir na scoilbhlianta 2020-21 agus 2022-23. Thit na céatadáin ó 3.7% go dtí 3.5% ag leibhéal na hiarbhunscoile sa tréimhse chéanna.
De réir fhigiúirí na Roinne, thit líon na mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa stát, idir scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna, ó 252 go dtí 249 scoil idir 2021-22 agus 2022-23. D’fhan líon na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ag 50.