Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ceimeanna-dochtura-oinigh-bronnta-ar-cholm-bairead-agus-cleona-ni-chrualaoi-as-‘eacht’-‘an-cailin-ciuin’

Céimeanna dochtúra oinigh bronnta ar Cholm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi as ‘éacht’ ‘An Cailín Ciúin’

| Meabh Ni Thuathalain | , ,

Tá céimeanna dochtúra oinigh bronnta ag Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar stiúrthóir agus léiritheoir an scannáin Ghaeilge An Cailín Ciúin, Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi.

Bronnadh céimeanna dochtúra oinigh sna healaíona ar Cholm Bairéad agus a bhean chéile Cleona Ní Chrualaoi sa choláiste tráthnóna inné as an “éacht mór” a rinne siad i ngort na scannánaíochta Gaeilge.

Bhí aitheantas ar leith tuillte don bheirt, a dúradh, as An Cailín Ciúin a dhéanamh, an chéad scannán as Éirinn a fuair ainmniúchán don Oscar don scannán idirnáisiúnta is fearr.

Ag labhairt di ag an ócáid bhronnta, dúirt Cleona Ní Chrualaoi gur tháinig “bláth ar a saothar” agus iad ag obair trí mheán na Gaeilge agus gur i bhfad roimhe sin, nuair a bhí sí ina cailín óg, a thit sí i ngrá leis an teanga.

Ghabh sí buíochas lena máthair, cainteoir dúchais Gaeilge as Dún na nGall, as an spreagadh agus na deiseanna a fuair sí an Ghaeilge a fhoghlaim.

“Údar ollmhór bróid” é an scannán An Cailín Ciúin, a dúirt Ní Chrualaoi, ní hamháin toisc go ndeachaigh sé chomh fada leis na Oscars ach mar gheall ar an aird a dhírigh sé ar an Ghaeilge.

Dúirt Colm Bairéad gur “onóir mhór” dó an t-aitheantas a fháil ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

“Is lá bródúil é seo don bheirt againn agus dár muintir dar ndóigh. Tá a fhios agam go bhfuil áthas faoi leith ar m’athair filleadh ar a alma mater, áit ar bhain sé dhá chéim agus H.Dip amach”

Cé nach iarmhac léinn de chuid na hollscoile é, dúirt Bairéad gur spreag na mic léinn a bhí ar an champas é i ngan fhios dóibh féin agus é ag breathnú orthu ó bhus uimhir 47, ar a bhealach go dtí an Gaelcholáiste, Coláiste Eoin, gach lá.

Uachtarán Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an tOllamh Orla Feely President le Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi

Dúirt Aoife Whelan, Léachtóir sa Nua-Ghaeilge agus sa Léann Éireannach, a mhol don ollscoil go dtabharfaí aitheantas oifigiúil don ghaisce a rinne Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi gur “ambasadóirí den scoth” iad beirt “do na healaíona cruthaitheacha, don Ghaeilge agus do scannánaíocht na hÉireann”.

“Sonraíonn a rath siúd cuspóirí UCD i dtaobh rannpháirtíocht dhomhanda: an chuid is fearr den domhan a thabhairt go hÉirinn, agus an chuid is fearr d’Éirinn a roinnt leis an domhan mór.

“Anuas air sin, bhí ionchur ag baill áirithe d’fhoireann na Nua-Ghaeilge sa scannán faisnéise Lorg na gCos a rinne Colm agus Cleona in 2012 in ómós do Mise Éire le George Morrison. Tá sé tráthúil mar sin go dtosaíonn ár modúl scannánaíochta ‘An Ghaeilge ar an Scáileán’ le hanailís ar Mise Éire agus go gcríochnaíonn sé anois leis an scannán corraitheach An Cailín Ciúin,” a dúirt sí.

Shaothraigh An Cailín Ciúin, a tháinig amach i mBealtaine 2002 agus a bhí 52 seachtain sna pictiúrlanna, €1.5 milliún ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain agus meastar go bhfuil breis is €4.5 milliún saothraithe ag an scannán san iomlán.

Faoin scéim Cine4, a bhíonn á ma0iniú ag TG4, Fís Éireann, agus Coimisiún na Meán, a rinneadh An Cailín Ciúin.

Tá breis agus 20 bliain caite ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi ag plé le cláracha faisnéise agus scannáin Ghaeilge. Ar na scannáin Ghaeilge eile a stiúir Colm Bairéad tá Murdair Mam Trasna agus Finné.

Bhronn Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann duais ar Bhairéad in 2012 as a chuid sároibre trí Ghaeilge.

Tá gradaim agus aitheantas faighte ag cláracha agus scannáin faisnéise atá léirithe ag Cleona Ní Chrualaoi do TG4 agus RTÉ, ina measc Lorg na gCos, scannán faisnéise faoi Mise Éireann agus The Joy, clár faisnéise faoin saol i bpríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath.

Níos mó