Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-run-na-hath-scoilbhliana

Comhairle Carad: Rún na hAth-Scoilbhliana

| Kathryn Ni Mhaolain | ,

Bhí comhrá againn cúpla seachtain ó shin, a léitheoir dhil, faoi mhí Mheán an Fhómhair agus an dóigh ar féidir leis a bheith ina thús nua nádúrtha. Ach an mothaíonn múinteoirí mar an gcéanna?

Fuair mé litir ó dhuine de na múinteoirí sin atá buartha faoi philleadh ar scoil agus ar ghnáthchúrsaí oibre i ndiaidh ‘Samhradh na mBrat*’. Chaith mise trí bliana mar mhúinteoir, agus bliain roimhe sin mar chúntóir ranga, mar sin de, tuigim gormacha dheireadh an tsamhraidh, agus tuigim iad go maith.

Bheartaigh mé an cheist seo a fhreagairt an tseachtain seo, chun tú a spreagadh agus tá súil agam go mbeidh sé ina chuidiú do mhúinteoirí agus daltaí araon.

*Oicé, is mise a luaigh Samhradh na mBrat, ná cuir ceist ar do mhúinteoir scoile faoi!

D, 31
Is múinteoir mé agus beidh mé ag pilleadh ar scoil go luath tar éis dom a bheith saor don samhradh. Shílfeá faoin am seo go mbeinn cleachtaithe leis an ghnáthamh oibre ag deireadh an tsamhraidh ach tá imní mhór orm faoi. Aon leideanna agat ar conas gnáthamh maith a thosú agus a choimeád?

Mar atá ráite agam thuas, is dóigh liom go dtarlaíonn sé seo do gach ball foirne a bhíonn saor ar feadh tréimhse fhada agus atá ag pilleadh ar an ghnáthobair anois. Is cuma cén réimse oibre ina bhfuil tú, baintear geit asat nuair atá ort dul ó laethanta saoire go dtí gnáthamh oibre. Dom féin, baineann cuid mhaith de seo le móiminteam. Má tá tú ag obair gach lá cheana, bíonn sé níos fusa éirí ar maidin agus an lá a dhéanamh arís. Má tá tú gnóthach, bíonn sé níos fusa glacadh le tionscadal eile. Má tá tú imithe ón teach cheana don obair, tá sé níos fusa dul chuig an ghiom. Tuigeann tú!

Mar sin de, is fíor gur tús maith leath na hoibre. Beidh an chéad cúpla lá (nó seachtain) ar scoil níos deacra, ach má leanann tú ort leis an mhóiminteam sin, beidh leat. Agus cén chuid is deacra den lá oibre ag deireadh na laethanta saoire? Éirí ar maidin! Tá go leor nod agam a chuideoidh leat codladh níos fearr a fháil, agus a dhéanfaidh níos fusa duit é éirí ar maidin.

Don chodladh ar dtús: bíodh an seomra fuar agus dorcha. Ól neart uisce sula dtéann tú a luí, seachain scáileáin ar feadh tamaill, athraigh na braillíní leapa, bíodh cithfholcadh agat. Ní duine mé a mholann rudaí a cheannach go minic (sílim go bhfuil go leor ag gach duine agus nach fiú níos mó *rudaí* a mholadh le fadhbanna a réiteach – sin an fáth a ndírím ar nósanna!) ACH tá rud amháin agam a chuidíonn go mór leis an chodladh agus leis an imní: blaincéad ualaithe. Ní blaincéad é seo a dhéanfaidh níos teo thú. Cuireann sé brú ar do scamhóga, agus cuirfidh sin moill ar do chuid anála. Cibé rud a oibríonn duit – déan iarracht gnáthamh láidir a thógáil san oíche agus é a choinneáil mar an gcéanna gach lá.

(Creidmheas: Lisa Fotios)

Ar maidin, tabhair níos mó ama duit féin ná mar a shíleann tú a bheidh de dhíth. Beidh tús u bhfad níos fusa ar do lá muna bhfuil deifir nó strus ort. Déan iarracht rud éigin deas séimh a dhéanamh duit féin ar maidin. Beidh cuma dhifriúil air seo do gach duine: cith, caife deas, ióga nó síniú, dialann a choinneáil, leabhar a léamh, siúlóid a dhéanamh taobh amuigh. Ach roghnaigh rud a chuirfidh spion níos fearr ort ach nach gcoinneoidh mall thú. Rud simplí eile is féidir a dhéanamh le go n-éireoidh tú ná aláram a chur ar an taobh eile den tseomra. Beidh ort éirí ón leaba leis an fhuaim uafásach a mhúchadh ach ná gabh ar ais a luí ina dhiaidh sin!

Is leideanna praiticiúla iad sin agus níl cuidiú praiticiúil i gcónaí chomh praiticiúil sin i réiteach faidhbe mar seo. Sílim go mbaineann do cheist le meon, agus ní hamháin le cúrsaí gnáthaimh. Mar sin de, cén dóigh ar féidir meon níos dearfaí a chothú i leith thús na scoilbhliana? Bhuel, tá sé simplí agus níl sé simplí.

Aimsigh na rudaí deasa faoina bheith ar ais ar scoil. Tá tú ag bualadh le do chuid comhoibrithe agus cairde gach lá. Is féidir leat ceachtanna deasa a ullmhú do pháistí. Is féidir leat feisteas deas oibre a chur ort féin. Is féidir leat labhairt faoin ábhar is fearr leat gach lá agus caithfidh daoine éisteacht leat (seo an rud ba mhó a thaitin liomsa agus mé i mo mhúinteoir Mata!) Seans go bhfuil áit dheas cóngarach duit ar féidir leat a bheith ag siúl ann. Seans go bhfuil caifé deas in aice na scoile ar féidir leat báinín fanaile a ordú uaidh. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an chara sin a chónaíonn taobh leis an scoil.

Ar an ábhar sin, aimsigh na rudaí atá deas faoi theacht an fhómhair fosta. Bain sult as áilleacht na nduilleog agus a ndathanna éagsúla. Cuir do chosa in airde ar an tolg le cupán tae deas gan a bheith ag mothú ciontach as fanacht taobh istigh. Tá cead agat, tá sé ag stealladh báistí. Is féidir éadaí teo teolaí a chur ort féin gan a bheith ag bárcadh allais. Agus tá Oíche Shamhna ag druidim linn!

Má dhéanann tú do mhachnamh ar na rudaí maithe faoin áit ina bhfuil tú, ní chronóidh tú an áit ina raibh tú cúpla seachtain ó shin an oiread céanna. Tá rudaí maithe ann faoi gach cuid den bhliain, má chuartaíonn tú iad.


An bhfuil comhairle uait? Seol ceist nó fadhb, mór nó beag, chuig Kathryn san fhoirm anaithnid seo, agus beidh freagra do cheiste agat i bhfoirm colúin! 

The post Comhairle Carad: Rún na hAth-Scoilbhliana appeared first on NÓS.

Níos mó