Fógraíodh inniu go dtosófar faoi cheann dhá bhliain ar Ghaelcholáiste comhoideachais a dhéanamh de CBS Synge Street, iar-bhunscoil Bhéarla aon inscne. Na daltaí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain in 2026/2027 an chéad dream a bheidh ag fáil oideachais lán-Ghaeilge sa scoil.
Tá feachtas ar bun ag tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí teanga le fada ag iarraidh go mbunófaí scoil lán-Ghaeilge nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun freastal ar dhaltaí ghaelscoileanna an cheantair.
Bhunaigh Conradh na Gaeilge agus lucht na ngaelscoileanna an feachtas Baile Átha Cliath 2,4,6,8 chun brú a chur ar an Aire Oideachais Norma Foley iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nua a cheadú.
An t-eiteach a thug Norma Foley don éileamh go dtí seo agus dúirt sí nach raibh aon ghá le Gaelcholáiste nua a bhunú sa cheantar.
Dúirt an tAire Foley inniu gur “dea-scéala” a bhí sa bhfógra do CBS Sráid Synge agus do phobal Bhaile Átha Cliath 2.
“Is eol dom go bhfuil éileamh le fada ar Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2,4,6 agus 8 agus tá lúcháir orm go bhfuil ceann againn anois i gcroílár Bhaile Átha Cliath 2. Cuirfidh sé seo leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal i mórcheantar chathair Bhaile Átha Cliath Theas.
“Is ionann an fógra seo agus ré nua do CBS Sráid Synge, scoil a bhfuil a stair fréamhaithe go domhain ina pobal.”
Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice (ERST) atá mar phátrún ar Na Bráithre Críostaí, Sráid Synge agus dúirt an tAire go raibh spéis léirithe acu an t-athrú “a iniúchadh”.
In 2017, thug Bunscoil Sráid Synge, an bhunscoil atá ceangailte le CBS Sráid Synge, sruth lán-Ghaeilge isteach agus cuirtear oideachas trí Ghaeilge ar fáil do dhaltaí an tsrutha sin.
Dúradh go bhfuil méadú thart ar 42% tagtha ar líon na ndaltaí atá cláraithe sa scoil ó tugadh isteach an sruth Gaeilge.