Rogha na Seachtaine #3 | Albam Ceoil | Green Diesel le Kojaque & Luka Palm
Eisíodh an t-albam is déanaí leis an mBaile Átha Cliathach Kojaque an tseachtain seo ar a lipéad féin Soft Boy Records
Tá borradh suntasach tagtha ar sheánra an rapcheoil in Éirinn le cúpla bliain anuas agus i gcroílár an bhorrtha sin tá Kojaque. Chonacthas a chuid cumais den chéad uair siar sa bhliain 2015 nuair a foilsíodh físean ceoil / taibhealaíne darbh ainm Midnight Flower agus ó shin i leith bhíothas ar an eolas go mbeadh an-chuid ceoil eile uaidh ar an mbealach.
Mí Feabhra 2018 tháinig a chéad albam amach agus Deli Daydreams an t-ainm atá air. Bhain an t-albam cáil amach mar gheall ar an scéalaíocht leanúnach atá le feiceáil tríd, uathúlacht na véarsaíochta agus binneas fhuaim na bhfonn ar roinnt de na hamhráin, go háirithe Eviction Notice agus Bubby’s Cream. Rinne Boiler Room clár faisnéise gearr faoi lipéad ceoil Kojaque Soft Boy Records a eisíodh i mbliana. Seo thíos é.
Agus anois seo chugainn Green Diesel, an chéad albam lánfhada atá déanta ag Kojaque le duine eile de na ceoltóirí ar lipéad Soft Boy Reconds, Luka Palm. Tá stíl uathúil réchúiseach Kojaque le feiceáil go mór mór trí Green Diesel agus tá fuinneamh agus sceitimíní tógálach ag baint leis an albam ar fad. Is iad Airbnb, Paris, Texas agus SPIT DAT OUT na hamhráin is fearr linne – traiceanna a léiríonn conas chomh cumasach agus ilghnéitheach is atá na ceoltóirí óga seo. Sin an fáth gurb é Green Diesel ár Rogha na Seachtaine seo.
Éist leis an albam thíos agus déan do mhachnamh féin faoi na cinn is fearr leat.
Is féidir Green Diesel a cheannach anseo. Lean Kojaque ar Twitter, Facebook nó Instagram.