Athchúrsáil | Recycling – Ní mór do gach duine a chuid féin a dhéanamh
Athchúrsáil | Recycling
- Céard iad na hearraí atá le hathchúrsáil agam? | What items can I recycle?
- Glan, Tirim agus Scaoilte | Clean, Dry and Loose
- Earraí atá in-athchúrsáilte | Items that can be recycled
- Earraí nach féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu | Items not to be recycled
Stór Focal | Vocabulary:
Astaigh – to emit, Gníomhú aeráide – climate action, Leacht – liquid, Coimeádán – container, Dramhphost – junk mail, Lannaithe – laminated, Leacáin – tiles, Scragall – foil, Tocht – mattress, Inbhuanaitheacht – sustainability
Tá cúrsaí athchúrsála i mbéal an phobail le tamall de bhlianta anuas agus tá fáil ar acmhainní a bhaineann léi go forleathan i gcathracha agus i mbailte timpeall na hÉireann.
Cé go bhfuil muintir na tíre ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil is minic nach ndéantar i gceart í mar gheall ar chúiseanna faoi leith. Caithfear a bheith airdeallach faoi chúrsaí glantacháin agus faoin staid ina mbíonn rudaí nuair a chaitear isteach sa bhosca athchúrsála.
Seo thíos treoir ghairid faoi conas do chuid earraí féin a athchúrsáil i gceart. See our short guide as to how you can recycle your items correctly below.
Glan, Tirim agus Scaoilte | Clean, Dry and Loose
Tá treoircháipéis iontach úsáideach curtha le chéile ag Mo chuidse Dramhaíola a léiríonn conas tabhairt faoi athchúrsáil cheart a dhéanamh ar earraí tí. Baintear úsáid as an mana ‘Glan, Tirim agus Scaoilte’ cúpla uair sa cháipéis sin, ag cur in iúl dúinn gur chóir do na hearraí ar fad a chuireann muid isteach sa bhosca athchúrsála a bheith mar sin.
- Glan – nach gcaitear cartáin bhainne, cannaí stáin agus eile amach gan iad a bheith glanta roimh ré
- Tirim – nach gcaitear buidéil leachta, cartáin agus eile amach agus leacht fós iontu
- Scaoilte – nach ndéantar pacáil ar na hearraí i mbosca nó i gcoimeádán eile sula gcaitear amach iad
Is furasta smaoineamh ar na trí fhocal seo agus tú ar tí earra éigin a chur sa bhosca athchúrsála. Déanfaidh an mion-seicliosta seo an-difear má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ort féin agus le do chuid athchúrsála.
Céard iad na hearraí atá le hathchúrsáil agam? | What items can I recycle?
Tagann an cheist chun cinn maidir le céard iad go díreach na hearraí tí gur féidir linn athchúrsáil a dhéanamh orthu. Le blianta anuas tá feabhas tar éis teacht ar an méid earraí atá in-athchúrsáilte ach fós féin tá cinn áirithe nach féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu. Seo thíos liosta gairid ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh maidir leis na hearraí seo.
Earraí atá in-athchúrsáilte | Items that can be recycled
- Buidéil agus crúiscíní gloine
- Páipéar (nuachtáin, irisí, paipéir oifige, dramhphost, irisí grinn agus cairtchlár lag)
- Páipéir lannaithe nó ciartha, ar nós cupáin pháipéir
- Cartáin dí (bainne, sú srl.)
- Alúmanam (cannaí dí, scragall)
- Plaisteach (buidéil agus cartáin)
- Cannaí bia (ó thorthaí, glasraí srl.)
- Caipíní buidéil – plaisteach, miotal agus alúmanam
- Earraí fite atá glan (éadaí, éadaí leapan, tuáillí, cótaí agus seaicéid)
- Fearais tí (meaisíní níocháin, soirn, triomadóirí, miasniteoir )
- Cadhnraí (glactar leo i siopaí freisin)
Bí aireach nach féidir na hearraí thuas ar fad a chur i do bhosca athchúrsála. Tá catagóirí áirithe; gloine, cadhnraí, earraí fite agus cinn eile cuir i gcás gur chóir athchúrsáil in áiteanna agus ionaid faoi leith. Aimsigh an t-ionad athchúrsála is cóngaraí duit anseo (as Béarla amháin).
Earraí nach féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu | Items not to be recycled
- Gloine chriostal, Pyrex, gloine ópal
- Poirceallán, cré-earraí, leacáin chloiche nó leacáin chriadóireachta
- Cairpéid, rugaí, cúisíní nó tochtanna
An seans go bhfuil earraí tí eile amuigh ansin nach bhfuil curtha san áireamh ar na liostaí thuas. Mar sin tá tábhacht ag baint le súil a choiméad amach do na siombailí athchúrsála éagsúla a bhíonn ar phacáistíocht na n-earraí a cheanaíonn tú. Tá inneal cuardaigh ag Mo chuidse Dramhaíola a thugann le fios dúinn maidir leis an rud ceart a dhéanamh le hearraí tí faoi leith. Tabhair cuairt ar an suíomh sin anseo (as Béarla amháin chomh maith). Bain úsáid as má tá tú in amhras faoi conas gur chóir earra ar leith a athchúrsáil.
Tá ról níos tábhachtaí, níos suntasaí agus níos mó le glacadh ag rialtais, institiúidí trasnáisiúnta agus comhlachtaí móra sa phróiseas seo. Tá An tAontas Eorpach chun tosaigh maidir le ceisteanna athrú aeráide agus is mithid do thíortha agus eagraíochtaí móra nós an Aontais a leanúint, Éire ina measc atá ag titim chun deiridh dar leis an Taoiseach.
Seo thíos físeán gearr faoin méid a bhíonn ar bun ag an Aontas ar mhaithe le hullmhúcháin a dhéanamh chun aeráid shaibhir an domhain a chosaint. Cuir tús le do chuidse a dhéanamh trí athchúrsáil ceart a dhéanamh. Agus ná déan dearmad: