Bua na cainte ag muintir na Gaillimhe ag Craobhchomórtas Díospóireachta Gael Linn don Triú Leibhéal 2019
Don dara bliain as a chéile thug foireann ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an corn siar abhaile leo tar éis dóibh an bua a fháil ag Craobhchomórtas Díospóireachta Gael Linn don Triú Leibhéal 2019. Chuaigh na cainteoirí ó OÉG, Ciara Ní Dhonnacha agus Barry Ó Siochrú, i bhfeidhm go mór ar na moltóirí Áine Ní Ghlinn, Antóin Delap agus Cathal Póirtéir agus fuair siad moladh speisialta uathu as a gcumas déileáil le pointí eolais agus ceisteanna na bhfoirne eile.
Reáchtáladh an chraobh ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh os comhair slua bhreá de mhic leinn tríú leibhéil ó fud fad na tíre! An rún a bhí faoi chaibidil ná ‘Tá todhchaí gheal roimh an Aontas Eorpach’ agus bhí an t-iriseoir agus an scríbhneoir Deaglán de Bréadún i láthair mar aoichainteoir. Thug Deaglán píosa bhreá cainte uaidh an fhad is a bhí na moltóirí ag cur a gcuid marcanna le chéile agus fuair sé éisteacht bhreá ón slua de bhreis agus 200 duine a bhí i láthair.
Tá an comórtas seo á eagrú le blianta anuas ag Gael Linn i gcomhar le Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac foirne ó choláistí tríú leibhéil ar fud na tíre páirt i réamhbhabhtaí i mí Dheireadh Fómhair. As na réamhbhabhtaí sin roghnaíodh ceithre fhoireann le páirt a ghlacadh sa chraobh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Coláiste na Tríonóide.
Bhí Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta, Gael Linn mar chathaoirleach ar an ócáid, agus dúirt sé go raibh Gael Linn thar a bheith sásta go bhfuil an ócáid seo anois ar cheann de phríomh imeachtaí an Oireachtais chuile bhliain. Mhol sé an obair atá á dhéanamh ag na cumainn Ghaelacha sna coláistí faoi stiúir Chaolán Mac Grianna ó Chonradh na Gaeilge agus bhí sé an-sásta go raibh cainteoirí páirteach sa díospóireacht a bhí tar éis an cheird a fhoghlaim agus iad i mbun cainte le foirne scoile i gcomórtais eile de chuid Gael Linn.
Bhronn Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, Corn Gael Linn/The Irish Times, mar aon le seic €150 an duine agus Bonn Airgid an Oireachtais ar na buaiteoirí. Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a tháinig sa dara háit, agus bronnadh seic €75, mar aon le Bonn Cré-Umha an Oireachtais, ar na cainteoirí Darragh Ó Caoimh agus Cárthach Ó Faoláin.