Cosaint déanta ag Raidió na Gaeltachta ar tvuíteáil i mBéarla amháin
Deir RTÉ Raidió na Gaeltachta gur cuid de ghnáthchleachtas poiblíochta an stáisiúin é a bheith ag tvúiteáil i mBéarla óna gcuntas oifigiúil.
Thug cuid mhaith daoine suntas aréir do tvuít i mBéarla amháin a seoladh ó chuntas an stáisiúin.
Thuill an tvuít cáineadh sna tráchtanna a fágadh faoi, ach deir RTÉ RnaG nach raibh aon pholasaí nua i gceist leis an gcumarsáid i mBéarla leis an bpobal.
Airline @AerArann has been bought by Aer Nasc, a company owned by Galway businessman Jarlath Conneely. He confirmed today to RTÉ RnaG @Nuacht_Chasla that contracts were signed this morning with @padraigoceidigh More on this story with @neachtc @TusAite 5 pm @CTribune @patmcgrath pic.twitter.com/Hu6rFjXFh0
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) January 9, 2020
Shíl roinnt daoine, áfach, gur rud aisteach é go mbeadh an stáisiún Gaeilge ag tvuíteáil i mBéarla agus chuir an tvuít samhnas ar dhaoine áirithe.
Scriosaigí an teachtaireacht Bhéarla sin. Níor cheart go mbeadh sibh ag foilsiú teachtaireachtaí i mBéarla.
— Seanán Ó Coistín (@Seananocoistin) January 9, 2020
Cén fáth go bhfuil giolc agaibh as Béarla? Tá cuma an-aisteach air uaibh.
— Luchóg lasta (@YerMouse) January 10, 2020
Tuiteanna i mbéarla ó RNAG oifigiúil 😡
— Pádraigín Herron (@HerronPadraigi1) January 9, 2020
Dé chúis go bhfuil sibh ag cur giolc amach i mBéarla?
— Críostóir Ó Faoláin (@CriostoirOF) January 10, 2020
Chaith iriseoirí Gaeilge eile amhras chomh maith ar chur chuige teanga RnaG sa chás seo.
Cad chuige a bhfuil @RTERnaG ag eisiú tuíteanna i mBéarla ó chuntas oifigiúil an stáisiúin? Bíonn scéalta nuachta ag an stáisiún achan lá den bhliain ach ní dhéantar bolscaireacht orthu i mBéarla. Cad chuige an tathrú tobann? #Gaeilge https://t.co/JSaPxExgt9
— Sorcha Ní Mhonacháin (@sorchanimh) January 9, 2020
Nuair a mhaígh RnaG féin gur “chun aitheantas agus creidiúint” a fháil don stáisiún agus a gcuid oibre iriseoireachta é, dúradh go raibh “bealaí” eile ann sin a dhéanamh seachas tvuíteanna i mBéarla amháin a chur amach.
Cad chuige a bhfuil @RTERnaG ag eisiú tuíteanna i mBéarla ó chuntas oifigiúil an stáisiúin? Bíonn scéalta nuachta ag an stáisiún achan lá den bhliain ach ní dhéantar bolscaireacht orthu i mBéarla. Cad chuige an tathrú tobann? #Gaeilge https://t.co/JSaPxExgt9
— Sorcha Ní Mhonacháin (@sorchanimh) January 9, 2020
Níl loighic ar bith leis an fhreagra seo. Bunaithe ar an fhreagra seo, cén fáth nach bhfuil an Nuacht Áitiúil, Náisiúnta, Idirnáis. ,srl aistrithe & foilsithe i mBéarla? Ar haontaíodh an ‘polasaí’ seo leis an fhoireann bhreá iriseoirí ?
— Ailbhe Ó Monacháin (@AilbheOM) January 10, 2020
Bhíodar ann a chosain cur chuige RnaG chomh maith.
Mo thuairim chomh maith.
— Cathal Mac Coille (@CMacCoille) January 10, 2020
Dúradh i ráiteas a chuir RTÉ RnaG ar fáil do Tuairisc.ie.
“Is gnáthchleachtas é do RTÉ Raidió na Gaeltachta scéalta a bhristear ar an stáisiún a meastar go mbeadh spéis iontu taobh amuigh de phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur amach trí Bhéarla freisin, go hiondúil i bhfoirm preasráitis.
“Déantar é seo chun aitheantas agus creidiúint a fháil don stáisiún ar an obair iriseoireachta atá curtha i gcrích ar an scéal, agus chun aird a tharraingt ar obair na seirbhíse tré chéile.”
Dúradh gur “sampla” de ghnáthchleachtas poiblíochta an stáisiúin a bhí sa tvuít Bhéarla.
“Eisíodh an t-eolas i nGaeilge ar dtús, ach measadh go raibh go leor meáin i gcontae na Gaillimhe a mbeadh spéis acu sa scéal taobh amuigh de phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus is é sin an fáth gur eisíodh leagan Béarla freisin, i ndiaidh dúinn an leagan Gaeilge a chur amach. Níl aon pholasaí nua i gceist,” a dúradh i ráiteas RnaG.