Tuairiscítear go bhfuil an Taoiseach chun iarraidh ar Uachtarán na hÉireann an 32ú Dáil a lánscor agus go mbeidh olltoghchán ar siúl ar an Satharn an 8 Feabhra.
Tuairiscítear gur phléigh an Taoiseach Leo Varadkar an scéal lena chomhghleacaithe ag cruinniú rialtais ar maidin agus gur chuir sé dáta an toghcháin in iúl dóibh.
Tá an toghchán le gairm ag an Taoiseach Leo Varadkar tráth go raibh laghdú tagtha ar líon na dTeachtaí Dála a bhí sásta tacú leis an Rialtas sa Dáil.
Dúirt Varadkar roimhe sin gurb é a theastaigh uaidh ná toghchán i mí na Bealtaine ach ghéill sé ag an deireadh seachtaine go raibh “athrú scéil ann” i bhfianaise a leochailí is a bhí ó thaobh vótaí Dála.
Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin inné gur thug an Taoiseach le fios dó nach bhféadfadh sé brath ar a Theachtaí Dála féin go léir vótáil don Rialtas.
Threisigh ar an gcaint go n-iarrfadh an Taoiseach ar an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn inniu an Dáil a lánscor nuair a scaipeadh ar na meáin shóisialta pictiúr de phóstaer toghchánaíochta de chuid Leo Varadkar féin á chrochadh go mídhleathach i dtoghlach Bhaile Átha Cliath Thiar.
160 Teachta Dála a bheidh le toghadh i 39 dáilcheantar in olltoghchán 2020.
Tá dháréag Teachtaí Dála ann a bhfuil ráite cheana féin acu nach mbeidh siad ag seasamh sa toghchán, ina measc an t-iarThaoiseach Enda Kenny, iar-uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams agus iarcheannaire Fhine Gael, Michael Noonan.