Tá sé ina raic ar líne mar gheall ar an “drochmheas” ar an Ghaeilge a deirtear a léirigh comhlacht bogearraí cuntasaíochta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
An comhlacht Bullet, a chuireann seirbhísí agus bogearraí cuntasaíochta ar fáil do ghnóthaí beaga, a chuir an tvuít chonspóideach amach ar a gcuntas nuair a cuireadh ceist orthu an raibh bogearraí dá gcuid ar fáil i nGaeilge.
An scríbhneoir, aisteoir agus foilsitheoir Eoghan Mac Giolla Bhríde a d’fhiosraigh an scéal.
Agus an cheist á freagairt, dúirt urlabhraí Bullet nach ndéanfadh sé ciall ar bith don chomhlacht bogearraí a chur ar fáil i nGaeilge toisc gan an teanga a bheith á labhairt ag aon duine.
@bullethq Love your software. It would be even better if you had an Irish language option or provided a means of creating Irish language documentation. Could there be hope of such a facility? I’m sure lots of Irish companies would be grateful.
— Eoghan Mac Giolla Bhríde (@fothalamh) November 12, 2019
Hi Eoghan, nobody speaks it so it wouldn’t make any sense but thanks for the feedback. Hope Bullet is working out for you.
— Bullet (@bullethq) January 14, 2020
Thuill freagra Mhic Giolla Bhríde ar ráiteas Bullet a mhaígh nach ann do chainteoirí Gaeilge breis agus míle croí agus léirigh go leor daoine a dtuairimí faoin scéal.
I’m sorry you think that. Without a language option I won’t be using your software as I for 1 do speak Irish and all the co’s I deal with speak it. I’ve since found an Irish co. who’ve kindly agreed to provide an Irish language option and we are now working together on a solution
— Eoghan Mac Giolla Bhríde (@fothalamh) January 14, 2020
Tá bullet théis an bullet a fháil. Maith thú @fothalamh
— Richie Ó hEadhra (@OHeadhra) January 14, 2020
‘Bullet-headed’ might be a better name. The man who founded this shower describes himself proudly as ‘a child of Ireland’. @peterconnor
— Antain Mac Lochlainn (@AntainMac) January 14, 2020
Wow @bullethq. What an idiotic response. #náireach
— Colmán Mac Séalaigh (@colmanacus) January 14, 2020