Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘bhi-cion-aige-ar-chuile-dhuine-agus-cion-acusan-air’-–-joe-steve-o-neachtain-curtha-i-gcre-na-cille

‘Bhí cion aige ar chuile dhuine agus cion acusan air’ – Joe Steve Ó Neachtain curtha i gcré na cille

| Tuairisc.ie | ,

Cuireadh i Reilig an Chnoic i gCois Fharraige inniu an scríbhneoir, aisteoir agus gníomhaí pobail cáiliúil Joe Steve Ó Neachtain.

Tá daoine ag triall ar an gCnoc in Indreabhán ina sluaite ó thráthnóna inné chun a n-ómós a chur in iúl d’fhathach na Cré Duibhe agus bhí tórramh agus sochraid Joe Steve Uí Neachtain ar cheann de na cinn is mó riamh i gConamara.

Labhraíodh ag Aifreann a shochraide i Séipéil an Chnoic inniu faoi na gnéithe éagsúla de shaol Joe Steve, an fear teaghlaigh, an fear pobail, an fear pinn ildánach agus an fear lách gnaíúil a ndúradh go minic faoi gurb é corp an duine uasail é.

Ba é deartháir Joe, an tAthair Pádraic Ó Neachtain príomhcheiliúraí an Aifrinn agus faoina dheartháir a labhair sé ina sheanmóir.

Dúirt sé nár “eitigh sé aon duine riamh, namhaid nó cairde, ba chuma”.

Dúirt sé leis an slua mór a bhí i láthair, aide-de-camp Uachtarán na hÉireann ina measc, gur thug Joe Steve le fios dó agus é ar a leaba a bháis go raibh sé “an-sásta” leis an saol a bhí caite aige.

“Bhí saol iontach agam agus agatsa – ní raibh muid i gcogadh,” a dúirt an scríbhneoir lena dheartháir.

In ainneoin na ngaiscí móra a rinne sé ar son na teanga agus na Gaeltachta, dúirt tAthair Pádraic Ó Neachtain gurb iad “na rudaí beaga a chuir áthas ar chroí” a dheartháir, iontais an nádúir, an obair chloiche agus talún, an báidín ina dtugadh sé an dream óg amach ag iascaireacht agus an veain campála ina dtaistealaíodh sé féin agus a ghrá geal, Máirín, an tír go léir.

An dream óg agus “clann a chlainne” agus a bheith ag “speáint rudaí dóibh” is mó a chuir gliondar air.

Dúirt an sagart gurb é “an bronntanas deireanach” a bhronn Joe Steve ar an bpobal iad a chruinniú le chéile agus “a chur faoi ndeara dúinn smaoineamh beag a dhéanamh faoinár saol agus faoi céard atá chun tarlú dúinn”.

“Sé Joe atá ár dtabhairt le chéile inniu,” arsa  an tAthair Ó Neachtain.

‘Beidh mé buíoch i gcónaí dó’ – a ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Joe Steve Ó Neachtain

Joe Steve Ó Neachtain 1942-2020 – duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann tar éis bháis

“A Joe Steve – tá mé an-bhuíoch go raibh tú mar dheartháir agam agus as an ómós a thug tú dhom, agus a thug mise dhuit, agus a thug tú do chuile dhuine agus do chuile ainmhí. Go raibh míle míle maith agat faoi do shaol,” a dúirt sé.

Ina aitheasc sochraide, dúirt Páid Ó Neachtain, mac Joe,  go raibh “d’uiscí i loch Bhoth Loiscthe, Loch Sheán Bhean agus Loch Nuala” caointe acu ach gur “iomaí scairt gháirí” a rinneadh “mar ómós” dá athair freisin. “Mar sin a thaitneodh sé leis mar gur bhreá leis fhéin scairt gháirí a dhéanamh agus scairt gháirí a bhaint as daoine,” a dúirt sé.

Dúirt Páid Ó Neachtain gur thug a athair leis an “gol agus an gáirí” ina chuid scríbhneoireachta agus i gcúrsaí an tsaoil agus rinne sé féin amhlaidh ina aitheasc fileata a bhain corrscairt mhór gháirí as a raibh i láthair.

“Go deimhin fhéin, níl mórán daoine atá in ann a rá go raibh dhá shochraid acu,” a dúirt sé agus é ag tagairt do shochraid ‘Pheadair’, an carachtar sa sobaldráma Ros na Rún a dtug Joe Steve 21 bliain ina bhun.

Dúirt sé gur duine láidir “den seandéanamh agus den seanstock” ab ea a athair, ach gur duine gnaíúil ab ea é ar chuile bhealach.

Na haisteoirí ó Ros na Rún, Pól Ó Gríofa agus Macdara Ó Fátharta agus Deirdre Ní Choistín agus Máire Aoibhinn Ní Ógáin TG4 ag sochraid Joe Steve Uí Neachtain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

“Má bhí sé crua ina chorp agus ina sheasamh bhí sé bog cneasta cineálta chomh maith. Bhí cion aige ar chuile dhuine agus cion acusan air agus tá sé sin feicthe againn le cúpla lá,” a dúirt Páid Ó Neachtain.

Bhí sé “chomh díreach le dorú a bheadh leagtha le iomaire agus mar sin ba mhaith leis a bheith ina chuid oibre”.

Fear prionsabail ab ea a athair, a dúirt sé, mar a chruthaigh sé le linn aimsir Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta nuair a thug sé aghaidh a bhéil ar Thaoiseach na tíre agus é ar cuairt ar an gCeathrú Rua.

“Má bhí sé bog agus cineálta agus cneasta níor chiallaigh sé sin nár sheas sé le gach ar chreid sé ann. Fiafraigh de Jack Lynch, a mh’anam, ar téadh na cluasa go maith aige tráth agus go mb’fhéidir go bhfuil siad á dtéamh anois thuas chomh maith aige.”

Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus baill de chumann peile Micheál Breathnach ag sochraid Joe Steve Uí Neachtain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ba bheag suim a bhí aige i ngradaim litríochta ná a leithéid ach ba mhór aige urraim a phobail.

“An gradam dhósan ná má d’éist cuid dá phobal fhéin leis an méid a scríobh sé agus b’in sásamh an tsaoil dósan,” a dúirt Páid Ó Neachtain.

A mhuintir agus an Ghaeltacht ba ghaire dá chroí.

“Má bhí sé fial leis an bpobal, lena ghean agus lena chroí, bhí  a dhúbailt sa mbaile agus lena theaghlach agus lena chlann.”

Dúirt mac an scríbhneora gur “sheas sé riamh le muintir an bhaile mar a sheas muintir an bhaile dhó”.

“Sheas sé freisin don Ghaeltacht, ba rud í a chiallaigh go leor dó agus a bhí i gceartlár a chroí,” a dúirt sé.

Garda onóra do Joe Steve Ó Neachtain ag a chomhaisteoirí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

An “teachtaireacht” is mó a bhí ag Joe Steve Ó Neachtain, a dúirt a mhac, ná meas a bheith againn “ar chultúr saibhir na Gaeltachta agus é a thabhairt don chéad ghlúin eile”.

“Bhí sé i gcónaí ag rá dá mbeadh rud agat dhuit fhéin.. bíodh rud agat dhuit féin nó déan do ghoradh leis an ngréin agus chiallaigh sé sin, bíodh rud agat do do pharóiste, bíodh rud agat do do theanga.

“An bhfuil muid fhéin in ann é a dhéanamh? Mura bhfuil muid in ann é a dhéanamh anois foghlaimíodh muid an bealach lena dhul agus é a dhéanamh arís.”

Dúirt Páid Ó Neachtain gur mhór aige féin agus a mhuintir an tacaíocht mhór a tugadh dóibh le tamall anuas agus na “maidhmeanna daoine” agus  “na maidhmeanna teachtaireachtaí” ómóis a bhí tagtha chucu.

Mícheál Toose Mac Gearailt as Corca Dhuibhne ag sochraid Joe Steve Uí Neachtain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ina measc siúd a léirigh ómós le cúpla lá anuas don scríbhneoir, aisteoir agus gníomhaí pobail cáiliúil as Cois Fharraige ar fógraíodh a bhás Dé Domhnaigh.

“Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí le clann, cairde agus comhghleacaithe Joe Steve Ó Neachtáin a fuair bás inné. Ba scríbhneoir ildánach, file agus aisteoir den scoth é Joe Steve agus é sáite fad a shaoil ina phobal dúchais – pobal na Gaeltachta i gConamara. 

“Mar scríbhneoir, aithníodh ardchaighdeán a shaothair agus bronnadh iliomad gradam air toisc áilleacht a dhrámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus filíochta. Rinneadh ball d’Aosdána de toisc an mháistreacht a thaispeáin sé ina cheird.  Bhí clú air chomh maith de bharr an róil a bhí aige mar aisteoir i Ros na Rún agus toisc a cheannaireacht i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta,” arsa Uachtarán na hÉireann.

An ceoltóir Peadar Ó Riada agus an t-aisteoir Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta ag sochraid Joe Steve Uí Neachtain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Níos mó