Tá próiseas earcaíochta nua fógartha ag an Aontas Eorpach d’aistritheoirí Gaeilge a bheidh ag obair sa Bhruiséil nó i gcontae na Mí.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil le haistritheoirí Gaeilge a fhostú a bheidh lonnaithe in Éirinn, an chéad uair go mbeidh socrú dá leithéid ag aon bhallstát.
Léiriú an socrú neamhghnách é ar an dúshlán mór a bhaineann le hearcú dóthain aistritheoirí Gaeilge oilte san AE.
Fógraíodh go hoifigiúil inniu an comórtas earcaíochta a mbeidh sé mar aidhm aige painéal aistritheoirí a bhunú a bheadh ar fáil d’aonad Gaeilge an Choimisiúin.
Is leor líofacht iomlán sa Ghaeilge agus eolas maith ar an mBéarla do na postanna nua fad is saoránach de chuid an AE tú agus céim agat.
Bheadh na haistritheoirí a bheadh lonnaithe sa Ghráinse i gcontae na Mí agus ag obair don Choimisiún sa Bhruiséil fostaithe ar chonradh sealadach agus ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge a bheidís.
Folúntais eile d’aistritheoirí Gaeilge sa Bhruiséil… ach na poist lonnaithe in Éirinn an uair seo
Dúirt Aislínn McCrory, Ceann Aonad Gaeilge Choimisiún na hEorpa gur léirigh an cur chuige earcaíochta nua a thiomanta is atá Coimisiún na hEorpa agus institiúdí eile an AE teacht ar “bhealaí cruthaitheacha” a chinnteodh go mbeidh dóthain aistritheoirí Gaeilge acu nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas ag deireadh na bliana seo chugainn.
Lá Fhéile Pádraig an spriocdáta d’iarratais ar na poist.
Léirigh figiúirí a d’fhoilsigh an tAE anuraidh an dúshlán mór atá le sárú i gcónaí maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí na hEorpa.
Meastar go dtiocfaidh méadú 40% ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge san AE.
Ach níor líonadh ach níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.