Tá eagrán speisialta foilsithe den iris Comhar in ómós don scríbhneoir agus aisteoir Joe Steve Ó Neachtain, a bhásaigh an mhí seo caite.
Faoi fhathach na Cré Duibhe ar an Spidéal atá an t-eagrán is déanaí den iris sheanbhunaithe.
Gnéithe éagsúla de shaothar scríbhneoireachta Joe Steve Uí Neachtain is mó atá faoi chaibidil san eagrán speisialta ina bhfuil ailt ag údair agus scríbhneoirí éagsúla, ag áireamh, Máire Ní Fhinneadha, Micheál Ó Conghaile, Seosamh Ó Cuaig, Claire Dunne, Darach Mac Con Iomaire, Dónall Ó Braonáin, Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Siobhán Ní Laoire agus Ray Mac Mánais.
Dúirt Eagarthóir Litríochta Comhar Tristan Rosenstock go raibh súil ag lucht na hirise go gcuirfidh an t-eagrán seo tús leis an bplé is dual a dhéanamh “ar an saothar ilchineálach iontach” a d’fhág an scríbhneoir Gaeltachta le hoidhreacht againn.
“Faoi mar a deir Alan Titley ina aiste siúd san iris, beimid ag iarraidh breith suas ar an ngaisce a dhein Joe Steve Ó Neachtain go ceann tamaill fós. Tá súil againn go gcuirfidh an t-eagrán is déanaí de Comhar tús leis an iarracht sin agus táimid an-bhuíoch don mheitheal scríbhneoirí a chuir cloch le carn an ghaiscígh Ghaeltachta seo ar fhág a imeacht uainn faoi bhrón pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,” arsa Tristan Rosenstock, Eagarthóir Litríochta Comhar.