Scoileanna sealadacha Gaeltachta
Tuairiscítear go bhfuil scoileanna beaga á n-oscailt ar fud na Gaeltachta!
Scéal úr ón Siopa Leabhar…
Tá An Siopa Leabhar dúnta ach tá siad ag glacadh le horduithe ar líne.
Heileó a chairde!
Seo nóta beag daoibh agus muid ag obair le doirse dúnta. Ag glacadh le horduithe i bhfoirm DM agus rphoist!
– – – – – – – – –
Hello friends!
We’re working with shop doors closed today. Accepting orders via DM and email!https://t.co/vaURoaRxpG pic.twitter.com/4aN1Zgdkkl— An Siopa Leabhar (@ansiopaleabhar) March 16, 2020
An tsiamsaíocht agus an scoitheadh sóisialta
Tá ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí ag dul i muinín an idirlín chun siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine tráth a bhfuil an scoitheadh sóisialta á chleachtadh acu.
D’fhógair an comhlacht drámaíochta Branar inniu go mbeidh léiriú dá gcuid How to Catch a Star, atá bunaithe ar an leabhar mór-ráchairte do pháistí le Oliver Jeffers, á shruthú ar líne ar feadh lá amháin ó 4pm inniu. Beidh fáil ar an sruthú ar leathanach Facebook Branar anseo.
Agus a cheolchoirm curtha ar ceal de bharr an choróinvírís, bheartaigh an fidléir aitheanta Colm Mac Con Iomaire ceolchoirm a dhéanamh dá leantóirí óna sheomra suí.
Ardaíonn sé seo ár gcroí…
This is special… @cmacconiomaire is playing a concert from his living room LIVE on Facebook right now and it will lift your heart! #CneasúSaCheol pic.twitter.com/2xaTCsWj61
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) March 15, 2020
Tá Glór na nGael ag iarraidh ar dhaoine Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh ón mbaile ceal aon pharáid ná imeachtaí eile a bheith ar siúl. Tá iarrtha ar dhaoine an t-amhrán ‘Óró sé do bheatha bhaile’ a cheol agus a roinnt ar na meáin shóisialta ag meán lae amárach agus na haischlibeanna #RTEVirtualParade agus #LálePádraigFíorúil a úsáid. Beidh go leor físeán á roinnt ag daoine don lá mór mar chuid d’fheachtas RTÉ #RTEVirtualParade.
Croí an Chumainn curtha ar athlá ag RTÉ RanG
Tá Croí an Chumainn, an comórtas ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do chlubanna CLG curtha ar athlá.
Fógrófar spriocdháta nua don chomórtas agus beidh deis eile ag clubanna cur isteach air.
Má tá ábhar réitithe cheana féin ag clubanna don chomórtas a thugann aitheantas do chlubanna as a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn, tá fáilte rompu an t-ábhar sin a chur ar aghaidh go dtí RTÉ RnaG.
Moltar aon cheist a chur chuig comortas@rte.ie.
Áras Mhic Reachtain druidte
Tá Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste dúnta go dtí an 2 Aibreán.
“Ní bheidh mar sin, aon imeacht, rang, club óige, ceardlann ná a dhath ar bith eile a bhí beartaithe ar siúl san Áras go ceann tamaill. Déanfar athbhreithniú air sin ar fad de réir mar a thiteann rudaí amach. Tugaigí aire,” a dúradh i ráiteas tráthnóna.
Ceachtanna iomána don chúlghairdín
Scileanna aonair Camógaíochta is Iomána 1. @NaGaeilOga @CualaCLG @CamogieDublin @DubGAAOfficial pic.twitter.com/k2DWSyFKJN
— Scoil Lorcáin (@ScoilLorcain) March 14, 2020
Tá an-tóir ar Twitter ar na ceachtanna iománaíochta don chúlghairdín atá á roinnt ag Colmán Ó Drisceoil, príomhoide Scoil Lorcáin. Cheap Colmán go meallfadh sé cúpla céad amharc ó mhuintir Scoil Lorcáin agus Cuala ach tá na mílte amharc ar Twitter faighte ag a fhíseáin.
Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie nó déan teagmháil linn ar na meáin shóisialta… #arscáthachéile
I’ve lots of respect for the Irish language but…
I ndiaidh don Taoiseach a fhógairt Déardaoin seo caite go raibh na scoileanna á ndúnadh, bhí preasócáid ag an rialtas a craoladh beo ar RTÉ One maidir leis na srianta nua le déileáil leis an ngalar Covid-19.
D’iarr an t-iriseoir de chuid TG4 Sorcha Ní Riada den Aire Oideachais Joe McHugh an raibh aon teachtaireacht aige do dhaltaí a bhí ag ullmhú don Ardteist agus thug an tAire McHugh freagra uirthi i nGaeilge, freagra a mhair nóiméad agus 16 soicind. Níor thug sé aon eolas breise nach raibh tugtha cheana i mBéarla agus ba é an t-aon phíosa cainte a rinneadh i nGaeilge ag an bpreasócáid a mhair 45 nóiméad.
Mar sin féin, ní raibh daoine áirithe ar na meáin shóisialta sásta gur labhraíodh aon Ghaeilge ar chor ar bith ag an bpreasócáid. Mhaígh an léiritheoir teilifíse Jim Sheridan nár cheart go mbeadh Gaeilge á húsáid ag na húdaráis i lár géarchéime agus gan formhór an phobail líofa sa teanga.
I’ve lots of respect for the Irish language but this is ridiculous to have a government briefing, in an unprecedented crisis, where information is being delivered as Gaeilge..
Seriously lads this isn’t the time for this sort of thing, a tiny percentage of us are fluent! pic.twitter.com/YCdQWjgp4i— Jim Sheridan (@Jim_Sheridan) March 12, 2020
Spreag tuairim Sheridan roinnt conspóide agus thug beagnach céad duine freagra ar an tvuít a chuir sé amach, cuid mhaith acu ag easaontú leis. Bhí iriseoir eile de chuid Nuacht TG4 ar dhuine de na daoine a chosain úsáid na Gaeilge.
With respect Jim, you’ve no idea how difficult it is to get 20 seconds out of any minister at any given press conference. I do this on a daily basis. It’s more galling, then, to read a comment like yours, questioning the audacity of someone to say anything of any note in Irish
— Caoimhe Ní Laighin (@CaoimheNLaighin) March 12, 2020
Ar an lámh eile, tá moladh á thabhairt don Roinn Sláinte, don Roinn Oideachais agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus cuid mhaith den eolas poiblí atá á chur amach acu faoin ngalar á aistriú go Gaeilge acu.