Áiseanna saor in aisce don duine fásta i gCoraintín
Físeáin Aclaíochta le FitnessBlender.com
Cuireann FitnessBlender.com físeáin aclaíochta ar líne ar fáil do dhaoine inar féidir fad agus déine na hoiliúna a chur in oiriúint duit féin. Tugtar treoirlínte duit ionas gur féidir súil a choinneáil ar na calraí a dhófar agus ar an gcineál aclaíochta atá uait.
Turais Iarsmalann le Cumann Músaem na hÉireann
Bhailigh Cumann Músaem na hÉireann ábhair atá á roinnt ag músaeim na hÉireann le chéile in aon áit amháin. Tá #IrishMuseumsOnline in úsáid ag músaeim fud fad an oileáin le himeachtaí a scaipeadh agus inspioráid a thabhairt do dhaoine. Téigh ar thuras fíorúil leo anseo.
Cúrsa faoi obair ó chian le LinkedIn Learning
An bhfuil fonn ort foghlaim faoi conas a bheith táirgiúil agus tú sa bhaile? Tá clár oideachais le 16 cúrsa san áireamh á thairiscint ag LinkedIn Learning dárbh ainm “Remote Working: Setting Yourself and Your Teams Up for Success.” Is spéisiúil an cúrsa é!
Rogha ollmhór cúrsaí ollscoile le Future Learn
Más spéis leat tabhairt faoi ábhar nua is é seo an áis is fearr duit. Tá réimse leathan gearrchúrsaí ar fáil ar líne ó na hollscoileanna is mó ar domhan ag Future Learn. Ar an iomlán tá 477 gearrchúsa ann agus is cinnte go mbeidh ceann oiriúnach do gach duine ann!
Deisiúcháin saor in aisce leis an Electronic Service Centre
An bhfuil tú ag streachailt le gléas leictreach agus tú sa bhaile? Tá deisiúcháin saor in aisce á dtairiscint ag an Electronic Service Centre i gcomhair fearais leictreonacha agus gléasanna leictreacha. Tugtar comhairle faoi conas é a dheisiú duit féin – bogearraí agus earraí crua araon.
Leabhair de gach saghas ar OpenLibrary.org
Tá leabharlann ar líne le 1.5 milliún leabhar ann curtha á cur ar fáil ag OpenLibrary.org. Tá Calafornia Libraries i mbun na seirbhíse seo ina bhfuil seanleabhair, leabhair atá as cló agus cinn nua ar fáil fosta. Ní gá ach clárú leo chun 10 leabhar a fháil ar iasacht ar feadh coicíse!