5 logainm spéisiúla sa Ghaeilge
Logainmneacha spéisiúla sa Ghaeilge | Interesting place names in Irish
Is ón nGaeilge a thagann go leor de logainmneacha na hÉireann agus fiú amháin nuair a aistrítear go Béarla iad, bíonn rian na Gaeilge agus an chiall a bhaineann leis le feiceáil. Seo thíos cúpla sampla de logainmneacha sa Ghaeilge atá spéisiúil ó thaobh na staire de agus a bhfuil gnéithe uathúla ag baint leis na hainmneacha féin atá i gceist.
An Muileann gCearr | Mullingar
Tá an Ghaeilge le feiceáil go soiléir sa logainm Muileann gCearr, agus is baile suite i gcontae na hIarmhí é. An chiall atá leis ná muileann atá mícheart nó cearr agus tagraíonn an t-ainm do mhuileann a bhí ann a casadh sa treo mícheart. Tagann cuid mhaith daoine cáiliúla ón Muileann gCearr, ina measc Niall Breslin (Bressie), Joe Dolan agus Niall Horan. Bíonn an-tóir ag turasóirí ar na lochanna mórthimpeall na háite agus is baile gnóthach i lár na tíre é An Muileann gCearr.
Baile Átha an Urchair | Horseleap
Tá scéal suimiúil ag an mbaile seo atá lonnaithe i gcontae Uíbh Fháilí. Tagraíonn an logainm as Gaeilge don fhinscéal a deir gur maraíodh Conchubhar Mac Nessa a bhí ina rí ar Chúige Uladh ar scaoileadh urchar leis thart faoin gceantar seo.
Tá scéal eile ann sa Bhéarla agus is é sin go raibh ar Aodh de Láis a bhí iná thiarna Angla-Normannach ag an am éalú go gasta ó mhuintir Mhic Eochagáin. Dar leis an scéal, léim sé thar mhóta an chaisleáin ar chapall! Is ón eachtra sin a thagann an logainm as Béarla ‘Horseleap’.
Muiceanach idir Dhá Sháile | Muckanaghederdauhaulia
Tá an logainm is faide sa Bhéarla ag Muiceanach idir Dhá Sháile, a bhfuil 22 litir ann. Suite i gConamara i gcontae na Gaillimhe, is baile fearainn beag é. An bhrí atá leis an ainm ná muclach, a thagraíonn de chruth an talaimh a bhfuil cuma droim muice air atá suite idir dhá chuaisín farraige. Ciallaíonn sáile, uisce le salann ann agus is ag tagairt don fharraige atá sé sa chás seo.
Leitir Ceanainn | Letterkenny
Is é Leitir Ceanainn an baile is mó leis an daonra is mó i dTír Chonaill. Ciallaíonn ‘Leitir’ taobh cnoic. Sa chás seo is é an taobh cnoic a bhí ag muintir Uí Chanainn tráth agus iad mar thaoisigh sa cheantar. Ainmníodh Leitir Ceanainn mar an baile ba ghlaine in Éirinn sa bhliain 2015. Feictear é seo le háiteanna eile le ‘leitir’ mar chuid den logainm acu ar nós Leitir Mór agus is tagairt do thaobh cnoic é.
Sord | Swords
Is é Sord, i mBaile Átha Cliath, an seachtú ceantar uirbeach is mó sa tír agus ainmníodh é mar an tríú baile is fearr le cónaí ann in Éirinn sa bhliain 2012.
In ainneoin an Bhéarla ar Shord, níl baint aige le claimhte. Tá ciall ‘glan’ ag an bhfocal sord sa Ghaeilge agus tagann an t-ainm ó thobar le huisce glan ann a bheannaigh Naomh Colmcille. Tá an t-ainm Sord Cholmchille ar an mbaile freisin. Deirtear go bhféadfadh ciall eile a bheith ag an bhfocal sord, fairsinge féir nó páirc mhór oscailte féir.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Logainmneacha na hÉireann ar Logainm.ie.