Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir post a fhógairt ar PEIG.ie?
Is féidir fógra poist a chur in airde ar an leathanach seo trí theagmháil a dhéanamh linn ag PEIG@cnag.ie.
Déantar nuashonrú ar an mbord folúntais seo go laethúil.
An bhfuil costais ag baint leis seo?
Níl. Tá an séirbhís seo go hiomlán saor in aisce. Roinntear ar na meáin shóisialta iad go minic. Is deis iontach í seo poiblíocht saor in aisce a fháil nuair atá folúntas á fhógairt agat.
We update our jobs board on a daily basis.
Nuachtlitreacha PEIG.ie | Conas is féidir clárú leo?
Cláraigh dár nuachtlitir laethúil ríomhphoist a sheoltar gach maidin ag 9 ina mbíonn rogha nuachta, imeachtaí, folúntas agus eile anseo.
Cláraigh dár nuachtlitir laethúil WhatsApp trí +353 83 349 3635 a chur mar theagmhálaí agus teachtaireacht a chur chugainn ag rá ‘Tosaigh’
Foinsí Nuachta?
Baineann PEIG.ie úsáid as foinsí nauchta éagsúla gach lá. Tagann roinnt scéalta ó Tuairisc.ie, MeonEile.ie agus NÓS.ie.
Céard é Alt faoi Thrácht?
Foilsítear #AltnaSeachtaine agus ábhar eile faoi scáth ‘Alt faoi Thrácht’ ar shuíomh PEIG.ie. Bíonn na hábhair bunaithe ar cúrsaí reatha, leideanna áirithe agus ábhar a bhaineann leis an nGaeilge.
Conas Imeacht a chlárú linn?
Aimsigh imeachtaí le freastal orthu nó cláraigh d’imeacht féin linn. Cuirimid meascán de na himeachtaí chun cinn ar na meáin shóisialta agus tríd ár nuachtlitireacha laethúla. Cláraigh d’imeacht anseo.
An ga dom íomha a chur leis an imeacht?
Cabhraíonn sé seo go mór dúinn agus muid ag chur d’imeacht chun cinn ar na meáin shóisialta. É sin ráite, muna bhfuil íomha ar fáil is féidir linn ceann ginearálta a chur leis más gá.