Sruthanna beo ar Instagram agus IGTVanna as Gaeilge
Sruthanna beo ar Instagram agus IGTV’anna as Gaeilge
Le linn dúinn go léir a bheith i gcoraintín, tá muid ag caitheamh níos mó ama ar ár gcuid bhfón agus go háirithe ar na meáin shóisialta. Feictear anois go bhfuil níos mó daoine ag baint úsáid as sruthanna beo ar Instagram ar na meáin shóisialta agus iad i mbun oibre nó ag roinnt ábhar lena gcuid cairde. Tá PEIG.ie chun cúpla moladh a roinnt faoi na cuntais Instagram is fearr linn a dhéanann sruthanna beo ar Instagram nó IGTVanna as Gaeilge.
‘Bandeadd’ nó Éadaoin Fitzmaurice
Ar dtús ba mhaith an cuntas Instagram ‘Bandeadd’ nó Éadaoin Fitzmaurice a lua. Is cruthaitheoir ábhair í Éadaoin a dhéanann Tráth na gCeist seachtainiúil ar a leathanach Instagram gach Céadaoin. Chomh maith leis sin rinne sí IGTV ar ‘Love Island As Gaeilge’ ar cuireadh an-spéis ann nuair a bhí an clár iomráiteach ar siúl.
‘Caoimhechats’ nó Caoimhe Ní Chathail
An dara moladh atá againn ná cuntas ‘Caoimhechats’ nó Caoimhe Ní Chathail. Bíonn go leor rudaí idir lámha ag Caoimhe, ó iriseoireacht go láithreoireacht go léiriúchán. Go minic bíonn scéalta ar a cuntas agus í ag labhairt as Gaeilge agus cuireann sí aistriúcháin na bhfocal atá ráite aici ar na scéalta chomh maith.
Tá IGTVanna aici chomh maith agus faoi chúrsaí éadaí nó turas agus iad uilig as Gaeilge. Is cuntas iontach é seo le leanúint agus tú ag iarraidh ábhar bríomhar agus difriúil as Gaeilge a fheiceáil ar d’fhotha Instagram.
Micheál Ó Ciaraidh le BLOC TG4
An chéad cheann eile ar an liosta ná cuntas BLOC TG4 atá á reachtáil ag Micheál Ó Ciaraidh. Bíonn go leor imeachtaí ar siúl aige agus é i mbun reáchtáil an chuntais; bíonn dushláin ann chun cupán BLOC a bhuachan gan ach ceann amháin a lua. Glacann daoine difriúla seilbh ar an gcuntas ó am go ham, mar shampla bíonn cuntas ‘Environmental Éadaí’ le feiceáil go minic agus taispeánann sí conas do chuid éadaí féin a dhéanamh.
Bíonn agallaimh éagsúla ar an gcuntas le daoine cáiliúla i saol na Gaeilge chomh maith. Is cuntas maith é chun léargas a thabhairt do dhaoine go bhfuil beocht faoi leith sa teanga ar an idirlíon.
‘Dochailinrut’ nó Rút Ní Theimhneáin
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an gcuntas ‘Dochailinrut’ nó Rút Ní Theimhneáin nuair atá cuntais Ghaeilge ar Instagram á bplé. Is cuntas iontach é seo ó thaobh spreagadh agus caomhnú na Gaeilge de ar na meáin sóisialta. Tá gach postáil a dhéanann sí as Gaeilge agus tá spraoí ag baint leis an ábhar ar fad a chuireann sí í láthair.
Tá IGTVanna déanta aici agus í i mbun ceoil ar a cuntas chomh maith. Tugann an cuntas seo léargas duit ar cé chomh easca is atá sé an Ghaeilge a úsáid go laethúil. Ní féidir a shéanadh go bhfuil bród ar Rút agus í ag baint úsáid as a teanga agus is inspioráid mhór í do roinnt i bpobal na Gaeilge.
Sin iad moltaí de na cuntais a dhéanann sruthú beo ar Instagram nó IGTVanna as Gaeilge. Molaimid d’aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge súil a chaitheamh ar na cuntais spéisiúla Instagram seo.