5 chlár don Ghael eolach ar Sheinnteoir TG4
Tabú
Tá rogha leathan d’ábhair ann sa tsraith Tabú a phléann le ceisteanna suimiúla a mbíonn conspóid ag baint leo dar le roinnt daoine.
Tá gach clár éagsúil agus baineann siad le hábhair ar nós saol na ndaoine gan dídean i nGaillimh, ailléirgí, scéalta ó dhaoine trasinscneacha, inimircigh Éireann, drochíde agus níos mó. Is cláir shuimiúla iad agus is féidir dearcadh daoine agus grúpaí éagsúla a thuiscint níos fearr mar gheall orthu. Breathnaigh ar an gclár anseo.
An lá a rugadh mé
Díríonn an clár seo ar dhuine cáiliúil amháin i ngach clár agus faoin stair agus faoi na scéalta a bhaineann leis an lá a rugadh iad. Dírítear sa chlár ar thrí scéal faoi leith ón lá sin agus fiosraíonn an té atá i gceist an scéal níos mó.
Baintear úsáid as acmhainní ón leabharlann náisiúnta agus is clár spéisiúil agus stairiúil le pearsana ar nós Eileen Dunne, Seán Óg Ó hAilpín agus Rónán Mac Aodha Bhuí ann. Breathnaigh ar an gclár anseo.
Gaeil Bhoston
Tá nasc láidir ag muintir na hÉireann le Meiriceá mar gheall ar na hÉireannaigh a chuaigh ar imirce chuig na Stáit Aontaithe, go háirithe go háiteanna ar nós Bostún. Is é Seán Mac an tSíthigh a chuireann an clár i láthair.
Casann Seán le muintir na háite agus pléann siad na hathruithe a bhíonn ag teacht ar an gceantar agus ar SAM é féin, cúrsaí fostaíochta agus an nasc le hÉirinn a mhaireann fós. Tá ceithre chlár sa tsraith ar an iomlán agus molann muid súil a chaitheamh orthu ar fad. Breathnaigh ar an gclár anseo.
Bailte
Tugann Síle Nic Chonaonaigh aghaidh ar bhailte beaga áille i nGaeltachtaí na tíre ar nós Mhachaire Rabhartaigh, Dhún Allt agus Chamais Uachtair.
Labhraíonn sí le muintir na háite agus caitheann sí súil ar na radhairc is fearr sna ceantair. Is cláir ghairide iad a mhaireann thart ar 25 nóiméad a thugann léargas faoi leith ar shaol agus oidhreacht na gceantar atá i gceist. Breathnaigh ar an gclár anseo.
Pioc do Ride
Is clár éadrom a bhaineann le cúrsaí geandála é seo. Roghnaíonn an t-iomaitheoir duine as triúr le dul ar choinne leo bunaithe ar a gcarr agus cad atá istigh ann. Tá 13 eagrán ann agus de ghnáth bíonn casadh ag deireadh an chláir. Má theastaíonn clár uait nach bhfuil dáiríre as Gaeilge, is clár iontach é Pioc do Ride duitse. Breathnaigh ar an gclár anseo.