5 leid le hullmhú don scrúdú cainte den Mháistir Gairmiúil san Oideachas
Táimid ag druidim leis an am sin sa bhliain arís agus tá scrúduithe béil á reáchtáil ag na hinstitiúidí le tástáil a dhéanamh ar chaighdeán Gaeilge na n-iarrthóirí Mháistir Gairmiúil san Oideachas.
Má tá Coláiste Hibernia ar intinn agat don MGO nó na hollscoileanna seo a leanas: Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Institiúid Oideachais Marino, beidh ort dul faoi scrúdú béil sa Ghaeilge roimh ré ionas go nglacfar le d’iarratas don chúrsa. Seo thíos 5 leid dóibh siúd le hullmhú do na scrúduithe.
1. Bíodh ábhar agus leagan amach an scrúdaithe ar eolas agat
Díreach ar nós aon scrúdú a dhéanann tú, is fearr an leagan amach a bheith ar eolas agat roimh ré ionas go mbeidh tú ar do chompord os chomhair an scrúdaitheora. Tá codanna coitianta ann idir roinnt scrúduithe béil ar nós an fháilte, ag labhairt fút féin agus téamaí ach tá codanna éagsúla a mbaineann roinnt scrúduithe leas astu:
Scrúdú Béil TEG B1:
Rólghníomhaíocht: Tá píosaí rólghníomhaíochta mar chuid den scrúdú béil B1 (páirtchreidiúint) a reáchtálann Teastas Eorpach na Gaeilge. Is ionann iad agus cártaí randamacha ar a bhfuil eolas faoi imeacht/eachtra agus is ceart don iarrthóir ceisteanna a chur ar an scrúdaitheoir le heolas an imeachta a fháil amach.
Sraith Pictiúr: Chomh maith le rólghníomhaíocht, tá cuid den scrúdú béil TEG B1 bainteach le sraith pictiúr ar nós greannán agus is ceart don iarrthóir cur síos a dhéanamh ar scéal na bpictiúr.
Hibernia:
Is ionann an scrúdú béil le Coláiste Hibernia agus comhrá idir 10-15 nóiméad, clúdófar neart téamaí ar nós ‘fút féin’, ‘d’áit chónaithe’, ‘caitheamh aimsire’, ‘oideachas is fostaíocht’, ‘pleananna sa todhchaí’ agus ‘an mhúinteoireacht agus modhanna múinteoireachta’.
2. Tosaigh amach leis na frásaí bunúsacha
Is ionann gach scrúdú béil agus comhrá, cumarsáid shimplí atá ann. Bíodh na frásaí is bunúsaí ar eolas agat agus ná bíodh aon imní ort iad a rá. Cinntigh go bhfuil tú compord ach beannachtaí a roinnt le do scrúdaitheoir, go bhfuil tú sásta tú féin a chur in aithne dóibh go slachtmhar agus go bhfuil tú compordach cur síos a dhéanamh ar na nithe a bhaineann leat ar nós do cheantar cónaithe, do chaitheamh aimsire, d’obair agus do chuid pleananna.
Tosaigh amach leat féin ag cur na gceisteanna ort féin agus ansin, más féidir, bain úsáid as cara nó ball clainne leis na ceisteanna a chur ort. Fiú mura dtuigeann siad na freagraí beidh tú ag cleachtadh do chuid.
3. Ná bíodh imní ort faoi na haimsirí
In aon chomhrá bogann muid ó aimsir go haimsir go tapa agus is ceart léiriú don scrúdaitheoir go bhfuil tú compórdach le struchtúr agus bunús gach aimsir. Má chuirtear ceist ort san aimsir chaite, bíodh an freagra agat san aimsir sin. Tabhair san áireamh go gcaithfear an briathar a úsáidtear sa cheist sa fhreagra chomh maith m.sh: ‘An ndeachaigh tú ….?’ = ‘Chuaigh mé / Ní dheachaigh mé’.
Bíonn nós an Bhéarla le brath go mór agus daoine ag freagairt ceisteanna nuair a deirtear ‘Sea’ nó ‘Ní hea’, seachain seo a mhéid is gur féidir leat. Más gá duit dul siar ar na haimsirí, mholfainn Gramadach Gan Stró le Éamonn Ó Dónaill mar achmainn.
4. Bíodh frásaí teicniúla ar eolas agat
Baineann an leid seo leis an agallamh Hibernia go príomha. Mar chuid den agallamh cuirfear ceisteanna ort faoi do chuid taithí múinteoireachta, smaointe don todhchaí agus tú ag múineadh agus modhanna atá in úsáid le páistí a mhúineadh.
A leithéid de, ‘foghlaim ó fhiosrú’, ‘foghlaim trí spraoi’, ‘Ceistiúchán’ srl. Muna bhfuil téarmaí ar eolas agat roimh ré, déan iad a chuardach ar focloir.ie nó teanglann.ie.
5. Cumarsáid
Ag deireadh an lae, is comhrá atá ann, bí cinnte teagmháil súile a choimeád le do scrúdaitheoir. Ná bí buartha meangadh gáire a chur ar d’aghaidh agus spraoi a bheith agat. Má dhéanann tú botún, ná bí buartha do leithscéal a ghabháil agus tosú arís. Ní bheidh gach rud foirfe ach má dhéantar cumarsáid, is sin atá is tábhachtaí sa scrúdú. Imeoidh an t-am an-tapa uait agus tú istigh ann, bain sult as gach nóiméad de!
Tá tuilleadh eolais faoi ullmhúcháin don siollabas TEG B1 anseo agus leagan amach na scrúduithe béil (páirtchreidiúint) anseo.
Tá tuilleadh eolais ar an nasc seo faoin agallamh bréagach don chúrsa Hibernia
Má tá tuilleadh eolais uait ar aon ghné den mhéad thuas tar i dteagmháil le Ciarán ar ciaranwadd@cnag.ie.