Fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar fhíseán a craoladh ar líne anocht.
13 gradam ar fad a bronnadh agus ar chraoltóirí agus ar chláracha de chuid Raidió na na Gaeltachta agus TG4 a bronnadh formhór mór na ngradam.
I measc na ndaoine a bhuaigh gradam, bhí Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas ar éirigh léi sa rannóg nua ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’, an t-iriseoir eile Duibhneach Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht RTÉ/TG4 a bhuaigh ‘Iriseoir na Bliana’ agus an Conallach Áine Ní Bhreasláin, láithreoir Bladhaire ar RnaG, a thug léi an gradam do ‘Pearsa Raidió na Bliana’.
Bronnadh an gradam do phearsa teilifíse na bliana ar Eoghan McDermott, láithreoir Junior Eurovision, clár de chuid TG4.
Thug Arracht, an fadscannán Gaeilge faoin Ghorta Mór leis an gradam do ‘Scannán na Bliana’ agus ba ar an chlár faisnéise Uchtú, a chuir Evanne Ní Chulainn i láthair, a bronnadh an gradam do clár teilifíse na bliana.
Sraith a léirigh Phoenix Films do TG4 An Bhoirinn, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.
Clár nuachta na maidine ar Raidió na Gaeltahta, Adhmhaidin, a bhíonn á chur i láthair ag Gormlaith Ní Thuairisg, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’.
Ba ar Mháire Bríd Ní Chualáin, craoltóir eile le Raidió na Gaeltachta, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.
Bronnadh Buaicghradam Cumarsáide na bliana ar iarchraoltóir le Raidió na Gaeltachta Áine Ní Churráin, a d’éirigh as i mbliana.
Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020.
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
Seán Mac an tSíthigh, Nuacht TG4
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Áine Ní Bhreasláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Eoghan McDermott, Junior Eurovision, TG4
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Helen Ní Shé, RTÉ Raidió na Gaeltachta
SCANNÁN NA BLIANA
Arracht, Macalla Teoranta
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Uchtú: Evanne Ní Chuilinn, Tyrone Productions
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
An Bhoirinn, Phoenix Films
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Máire Bríd Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
#IsDeontóirMé, Clann Mhic Gabhann
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Aon Scéal?, Phoenix FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Ruaille Buaille, Highland Radio
BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS
Áine Ní Churráin