10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tá eolaire gréasáin do sheirbhísí Gaeilge ar fáil anois mar chuid den suíomh idirlín PEIG.ie. Tá an tseirbhís mhargaíochta nua seo á tairiscint ag Conradh na Gaeilge. Tá sé saor in aisce, tugann sé gné uathúil dhíolacháin (USP) do chuideachtaí agus d’fheadfadh sé cabhrú leo custaiméirí breise a mhealladh. Cuirtear eolas ginearálta faoi chuideachtaí a chláraíonn linn ar fáil, cosúil le sonraí teagmhála, uaireanta oscailte agus catagóir ghnó.
Tá an t-eolas seo ar fáil do bhaill an phobail dá n-úsáid phearsanta féin. Tá an t-eolaire á fhorbairt ar mhaithe le heolas faoi sheirbhísí Gaeilge a scaipeadh agus úsáid na seirbhísí seo a ardú. Tá súil againn go bhfeidhmeoidh an t-eolaire uile-oileánda seo mar lárphointe eolais do phobal uile na hÉireann, agus iad ag lorg seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre.
Deich bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó:
- Is cúis bhróid í do mhuintir na hÉireann gur féidir leo úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais féin.
- Tá Gaeilge ag go leor daoine agus tá éileamh ann do sheirbhísí trí Ghaeilge.
- Cruthaíonn an Ghaeilge nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí.
- Cruthaítear caidreamh agus dílseacht ar leith idir custaiméirí agus comhlachtaí mar gheall ar an nasc sin.
- Cuireann úsáid na Gaeilge margaí nua ar fáil do chomhlachtaí.
- Tugann an Ghaeilge aitheantas agus USP ar leith do chomhlachtaí in áit an mhargaidh.
- Ardaítear líon na gcustaiméirí mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge.
- Cuireann tréithe an dátheangachais go mór le stádas náisiúnta agus domhanda an chomhlachta.
- Cruthaíonn sé eispéireas uathúil do thomhaltóirí, agus tugann sé léargas ar chultúr na hÉireann dóibh.
- Tá sé éifeachtúil ó thaobh costais de agus éasca le cur i bhfeidhm.
Tá an t-eolas seo bunaithe ar thaighde Millward Brown ón mbliain 2015. Tuilleadh eolais anseo.