Bhí Tuairisc.ie i measc na mbuaiteoirí anocht ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.
Bhuaigh Máire Ní Fhinneadha, colúnaí le Tuairisc.ie agus fo-eagarthóir na seirbhíse nuachta ar líne, an duais ‘Colúnaí na Bliana’ ag ócáid bhronnta gradam a reáchtáladh i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath anocht.
As an gCloich Mhóir i nGaeltacht Chonamara do Mháire Ní Fhinneadha agus d’oibrigh sí chomh maith mar fho-eagarthóir leis an nuachtán Foinse nó gur dúnadh é in 2009.
Thréaslaigh Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie, a gradam le Máire Ní Fhinneadha.
“Ní fhéadfainn cuimhneamh ar aon duine is lú a shantódh gradam mar seo ná aon duine is mó a mbeadh sé tuillte aici. Is í Máire Ní Fhinneadha réalta eolais agus coinsias Tuairisc.ie.
“Mar cholúnaí bíonn macallaí a muintire agus an dúchais i ngach a scríobhann sí ach sí an ionramháil a dhéanann sí ar an dúchas sin chun rud éigin fiúntach a rá a dhealaíonn glan amach í ó aon duine eile againn atá ag saothrú an ghoirt seo. Ba chóir go mbeadh sí mar eiseamláir againn go léir,” a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Mar a tuairiscíodh cheana, an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta, Póilín Ní Chiaráin, colúnaí eile le Tuairisc.ie, a bhuaigh Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.
14 duais a bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana.
Cuireadh tús leis an oíche nuair a bhronn Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, gradam speisialta ar Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, as saothar an stáisiúin a bheidh ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód Oíche Shamhna.
Bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 go mór sa treis ag gradaim na bliana seo agus d’éirigh le craoltóirí de chuid an BBC na gradaim ‘Pearsa Raidió na Bliana’ agus ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ a bhuachan.
Thug Daithí Ó Muirí, a chuireann an clár Blas i láthair ar BBC Uladh, leis an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus Máire Bhreathnach, láithreoir ar na cláir theilifíse An Focal Scoir agus I lár an Aonaigh (BBC 2) a thug an lá léi i rannóg na gcraoltóirí teilifíse.
Is é Peadar Mac Gaoithín, iriseoir le Nuacht RTE/TG4, a thug leis an duais ‘Iriseoir na bliana’ agus an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg, a bhuaigh an gradam do ‘Chraoltóir Solabhartha na bliana’.
Ba ar an chlár ealaíne Samhlú, a léirigh Meangadh Fíbín, a bronnadh an gradam do chlár teilifíse na bliana.
Sraith a léirigh Aniar TV do TG4 Bailte a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.
An clár irise Barrscéalta, atá á chur i láthair ag Michelle Nic Ghrianna, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’.
Bhuaigh clár cainte Gaeilge a chraoltar ar Newstalk, Splanc, a bhíonn á chur i láthair ag Cuán Ó Flatharta, an duais sa rannóg Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála.
Bhí an bua ag Ó Chonamara go Crimea, a craoladh ar Raidió Pobail Chonamara, sa rannóg ‘Clár Gaeilge na bliana ar Raidió Tráchtála’.
Ba ar Dhonncha Ó Murchú, láithreoir le TG4, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.
Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021.
Ar lucht pleanála teanga Chonamara Láir a bronnadh an gradam don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta dá bhfeachtas #ConamaraLáir, a cuireadh ar bun chun daoine a mhealladh le cur fúthu sa cheantar Gaeltachta.
Colúnaí Na Bliana
Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
Pearsa Raidió Na Bliana
Dáithí Ó Muirí, BBC Uladh
Pearsa Teilifíse Na Bliana
Máire Bhreathnach, An Focal Scoir agus I Lár An Aonaigh
Sraith Raidió Na Bliana
Barrscéalta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Iriseoir Na Bliana
Peadar Mac Gaoithín, Nuacht RTÉ/TG4
Craoltóir Solabhartha Na Bliana
Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Clár Teilifíse Na Bliana
Samhlú, Meangadh Fíbín
Sraith Teilifíse Na Bliana
Bailte, Aniar TV
Réalta Óg Na Bliana
Donncha Ó Murchú, TG4
Feachtas Meán Sóisialta Na Bliana
#ConamaraLáir, Pleanáil Teanga Chonamara Láir
Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Pobail
Ó Chonamara go Crimea, Raidió Pobail Chonamara
Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Tráchtála
Splanc, le Cuán Ó Flatharta, Newstalk
Buaic-ghradam Cumarsáide an Oireachtais
Póilín Ní Chiaráin