An saol tar éis an choláiste – agus na deacrachtaí ag baint leis
Aoife Ní Chrualaoich
Más mac léinn nó céimí thú, is dócha go gcreideann tú nach bhfuil tú réidh don saol réadúil. Ritheann an smaoineamh céanna le gach aon duine ach ní admhaítear é.
Is mór an t-athrú é an t-athrú idir an coláiste agus an saol réadúil. Áfach, ná bain an chiall chontráilte as seo, níl saol bog ag mic léinn. Na scrúduithe, na haistí, na spriocdhátaí, an brú sóisialta, an post páirtaimseartha agus dar ndóigh, an costas ollmhór. Is rud deacair é cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach. Bíonn ár sochaí ag athrú lá i ndiaidh lae agus caithfimid coinneáil suas leis. Táimid go leir ciontach as ró-mhachnamh a dhéanamh ar an todhchaí, mise ina measc.
Ar dtús, is cuma cén cúrsa a roghnaítear, tugtar breithiúnas do mhic léinn i gcónaí. Is céimí sna healaíona mé agus táim chomh bhródúil asam féin agus as mo pháirtí ranga an chéim a bhaint amach i rith na paindéime. Mar chéimí sna healaíona, faightear cuid mhór breithiúnas maidir leis an saol tar éis an choláiste agus ‘an easpa deiseanna’ dúinn. Sin ráite, má roghnaíonn tú cúrsa a mbaineann tú sult as, beidh na féidearthachtaí gan teorainn tar éis an choláiste.
Foghlaimítear a lán ceachtanna le linn an choláiste; conas a bheith muiníneach, neamhspleáchas, cairdeas a chruthú agus conas a thagtar amach as póit an diabhail. Ar an taobh eile, ní fhaightear go leor treorach don saol.
D’fhéadfá a rá, go mbíonn an iomarca deis le fáil ar an aimsir seo. Ní haon ionadh go dtagann tocht orainn anois is arís. I ndáiríre, is ‘smachtadán’ mé agus mar sin, oireann an gnáthamh don scoil agus don choláiste dom. Tógann sé am dul i dtaithí ar shaol sna fichidí, gan an gnáthamh sábháilte, in áit i bhfád ó do chairde.
Níl sé éasca post a fháil díreach amach ón gcoláiste. Lorgaíonn na cuideachtaí móra daoine a bhfuil taithí na mblianta acu, caithfear a bheith foighneach, dóchasach ach muiníneach as do chumas féin! Níl sé tairbheach in aon chor tú fhéin a chur i gcomparáid le daoine eile ar LinkedIn. Ní comórtas é an saol. Tá conair dhifriúil ag gach aon duine.
Caithfimid labhairt go hoscailte faoi mheabhairshláinte.Is rud nádúrtha é sin. Mar is eol do chách, is próiseas é an t-athrú a d’fhéadfadh imní a chur ar dhaoine. Ná bíodh náire ort é a rá le duine a bhfuil muinín agat astu.
Cé go mbíonn saol sa choláiste an-spraíúil, tá sé tábhachtach a mheabhrú go mbeadh do chuid fichidí ar fheabhas chomh maith. Is deis iontach í cairdeas a dhéanamh arís, dul amach go tithe tábhairne difriúla, cur le do CV, féinmhuinín a mhéadú agus b’fhéidir, filleadh ar ais arís ar an staidéar. Sin ráite, ní féidir do shaol sna fichidí a chur i gcomparáid le do shaol i gcoláiste mar táimid go léir faoi bhláth agus ag athrú i gcónaí mar dhaoine.
Cé go bhfuil sé deas a bheith ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, ná déan dearmad ar na rudaí iontacha atá á dhéanamh agat. Mar chéimí, tá go leor ama againn go léir chun botúin a dhéanamh, níos mó taithí a fháil agus chun bualadh le daoine nua. Tá bealach difriúil ag gach duine, nach é sin an rud is suntasaí? Bain sult as do chuid fichidí, tá an saol ar do thoil agat a stór.