Tá tús curtha le taispeántas nua de phortráidí ón gCogadh Cathartha nach bhfacthas riamh cheana iad i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Taispeántas é seo de phortráidí a rinne an príosúnach agus an t-ealaíontóir Alfred McGloughlin [1888-1932] de dhaoine a bhí ina gcimí le linn Chogadh na gCarad agus é féin ina chime ina dteannta.
Tim McGloughlin, arbh é Alf McGloughlin a shin-seanuncail, a d’eagraigh an taispeántas i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí. Dúirt Tim le Tuairisc gur in 2019 a thosaigh sé féin ag obair le hOifig na nOibreacha Poiblí ar an taispeántas ealaíne seo ach go raibh na líníochtaí aige ó na 1990idí.
“Stóráil mé iad tar éis roinnt ama a chaitheamh ag iarraidh fáil amach cé na daoine a bhí sna portráidí (tá go leor gan ainm),” a dúirt sé.
“Shíl mé go mbeadh spéis ar leith ag daoine sa chnuasach do Dheich mBliana na gCuimhneachán agus mar sin phléigh mé taispeántas le mo chol ceathrair, an t-ealaíontóir, Eoin Mac Lochlainn agus Brian Crowley i gCill Mhaighneann.”
“Príosúnaigh le linn an chogaidh chathartha i 1922-23 a bhí sna pictiúir go léir agus sílim go léirítear mothúcháin na bpríosúnach go han-mhaith sna pictiúir. Bhí na hábhair líníochta teoranta freisin ag na coinníollacha [sa phríosún]. Tá na híomhánna den taobh istigh den phríosún an-suimiúil freisin.”
Ar an 21 Deireadh Fómhair 1922, agus an Cogadh Cathartha ar siúl le beagnach ceithre mhí, ghabh fórsaí an tSaorstáit Alfred McGloughlin ina theach cónaithe agus tugadh go Dún Wellington i mBaile Átha Cliath é. Chaith sé an bhliain dár gcionn ina phríosúnach polaitiúil, i mBeairic Wellington ar dtús, ansin i bPáirc an Ghiorria i gCurrach Chill Dara. I bPríosún Mhuinseo a bhí sé nuair a scaoileadh saor ar an 13 Deireadh Fómhair 1923, roinnt míonna tar éis dheireadh an chogaidh chathartha.
D’fhulaing Alfred McGloughlin drochíde go leor ag tréimhsí áirithe den bhraighdeanas ach luaigh sé go mbíodh tréimhsí suaimhnis aige sa phríosún “ag sceitseáil in uiscedhathanna, agus ag líonadh punann le líníochtaí peann luaidhe dá chomrádaithe”. Ba as na tréimhsí beaga faoisimh sin a tháinig teideal an taispeántais ‘Intervals of Peace’.
Beidh 39 portráid agus sceitse uiscedhatha a rinne Alfred McGloughlin i bPríosún Mhuinseo ar taispeáint go poiblí den chéad uair riamh sa taispeántas i bPríosún Chill Mhaighneann. Is cuid an taispeántas seo den chomóradh céad bliain ar an gCogadh Cathartha.
Ba í Emily Pearse máthair an ealaíontóra agus ba iad ceannairí na Cásca 1916, Pádraig agus Liam Mac Piarais, a uncailí. Ba i dteaghlach an Phiarsaigh a d’fhás Alfred aníos. Ina dhiaidh sin chuidigh sé leis an scoil a bhunaigh an Piarsach, Scoil Éanna, a reáchtáil. Bhí sé ina stiúrthóir ag Sinn Féin ar na toghcháin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath do thoghcháin 1918 agus 1921 agus sheas sé mar iarrthóir é féin sna toghcháin áitiúla i 1920.
D’fhan sé gníomhach mar iriseoir polaitíochta, agus bhíodh sé ag scríobh go rialta leis an nuachtán poblachtach An Phoblacht. D’fhág a thréimhse sa phríosún lorg buan ar a shláinte agus ní raibh sé ach 44 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé de bharr galar croí i 1932.
Iníon Alfred McGloughlin, Charlotte Groarke, a sheol an taispeántas i gCill Mhaighneann aréir.
Beidh ‘Intervals of Peace’ ar siúl go dtí an 25 Deireadh Fómhair 2022.