Agallamh beag le lucht “An Ghaeltacht sur Seine”
Bhuail muid le Ciarán Mac Guill, atá ina chónaí sa Fhrainc anois le 30 bliain. Is ball den choiste é a chur tús leis An Ghaeltacht sur Seine – ainm a thugadar ar an bpobal Gaeilge atá á chothú acu i bPáras.
Is lucht cairdiúil iad na Francaigh dar le Ciarán agus braitheann sé go bhfuil an-mheas acu ar Éirinn agus ar na hÉireannaigh – fiú amháin go bhfuil cuid agus ag foghlaim Gaeilge. Tá thart ar 100 dalta ag foghlaim Gaeilge i gColáiste na nGael i bPáras faoi láthair agus is Francaigh níos mó ná leath dóibh – cuid acu ag labhairt le canúint Tír Chonaill a múinteora dar ndóigh!
Labhrann Ciarán anseo go bríomhar linn faoi An Ghaeltacht sur Seine agus an méid a bhíonn ar siúl acu i rith na bliana.
Is féidir dul i dteagmháil leo ar Facebook nó ar a suíomh idirlín.
Tá tuilleadh eolais ar an gciorcal comhrá anseo.