Léirmheas ar leabhar: ‘Beautiful World, Where Are You’ le Sally Rooney, scríbhneoir Éireannach
Aoife Ní Chrualaoich
Gan aon cheist ná dabht, is spéirbheán í Sally Rooney. Mar is eol do chách, scríobh sí ‘Normal People’ agus ‘Conversations with Friends’. Dar liom, cuireann sí saol na n-óg in iúl go héifeachtach i ‘Normal People’. Déanann sí cur síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag éireannaigh óga sna déaga in Éirinn. Ó bhrú na scoile agus brú an tsochaí go dtí grá gan chúiteamh, drochíde baile agus stádas sóisialta.
Buíochas le Sally Rooney, cruthaíodh an sraith Normal People cúpla bliain ó shin agus bíonn daoine fós ag caint faoi.
Ní gá a rá go raibh formhór na daoine ag tnúth go mór lena leabhar nua an bhliain seo, ‘Beautiful World, Where Are You?’. Is cinnte nár lig sé síos muid.
Déanann ‘The New York Times’ cur síos ar an leabhar mar úrscéal de chuid litir é agus go gcuireann Rooney leamh nua ar cheisteanna choitianta. Mar sin, is leabhar an-phearsanta é seo.
Is iad Alice agus Eileen príomhcarachtair an scéal seo. Is dlúthchairde le tamall iad agus tá a saolta lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Tuigtear cás Eileen go forleathan. Oibríonn sí le hirisleabhar i mBaile Átha Cliath agus is léír nach bhfuil tuarastal maith ag dul leis a post. Ceann de na rudaí is casta sa saol ná post a fháil go mbaintear taitneamh as agus a bhfuil pá maith ag dul leis. Is bean galánta í ach maidir le grá, sin an gné is mearbhlaí dá saol.
Tá meas mór ag Eileen ar a cara Simon áfach, an bhfuil caidreamh níos láidir ná cairdeas eatarthu? Léimid faoin teannas eatarthu tríd an leabhair agus faoi na dúshláin atá rompu.
Ar an taobh eile, is údar rathúil agus saibhir í Alice. Cé go bhfuil na mná difriúil óna chéile i slí, bhí siad i ndiaidh dul trí go leor le chéile thar na blianta. Roinneann siad a dtuairimí agus a dtaithí le grá agus leis an saol go ginearálta le chéile. Aithnítear nach bhfuil aon rud sa saol níos láidre ná an cairdeas.
Pléann Rooney leis an ghrá chasta, fadhbanna meabharshláinte, an t-uaigneas agus an cairdeas sa leabhar seo. Caithfidh mé a rá gurb é an rud is suntasaí faoina scríbhneoireacht ná go ndéanann sí cur síos ar an gnáthshaol in Éirinn agus na fadhbanna laethúla ag na hÉireannaigh óga. Is údar macánta í amach is amach. Sin an fáth go dtuigeann gach aon duine le na scéalta a scríobhann sí. Léiríonn sí cora an tsaoil go foirfe. Gan amhras, is fiú a leabhar nua’, Beautiful World, where are you?’ a léamh. Molaim go láidir é!