Sinn Féin an páirtí is mó i gcomhairlí an Tuascirt agus bua mór acu sna toghcháin áitiúla.
55% a vótáil agus seo mar a roinneadh na vótaí céadrogha i gcomparáid le 2019:
SF: 30.9% (+7.7)
DUP: 23.3% (-0.8)
Alliance: 13.3% (+1.8)
UUP: 10.9% (-3.2)
SDLP: 8.7% (-3.3)
TUV: 3.9% (+1.7)
C Glas: 1.7% (-0.4)
PrB: 1.0% (-0.4) …
(Náisiúnaithe: 40.5%, Aontachtaithe 38.1%, Neamhailínithe 21.3%)
Bhí 137 comhairleoir ag Sinn Fein agus suas le tríocha suíochán fós le líonadh. Níor facthas líon chomh mór ag aon pháirtí le fada an lá. Bhí áthas an domhain ar Michelle O’Neill agus Mary Lou McDonnell iad ag maíomh gur léirigh a gcaithréim go raibh polaitíocht dhearfach
ag teastáil ón bpobal agus gur gá filleadh ar Stormont agus fóint ar riachtanais na ndaoine.
Bhí 116 ag an DUP agus iad ag súil le cúpla ceann eile. Mhaígh a gceannaire Jeffrey Donaldson gur
sainordú é sin chun tacú lena chuid éileamh i leith Chreat Windsor, an comhréiteach idir an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breatine i dtaobh an phrótcail iar-bhreatimeachta. Ní mór, a deir Donaldson, do rialtas na Breataine
beart reachtúil a dhéanamh chun stádas Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe a dhearbhú
Is mian leis an DUP filleadh ar Stormont, ar sé, ach ní féidir é sin a dhéanamh mura gcuirfear “bonn teann” faoi.
Bhí Alliance (Páirtí na Comhghuaillíochta) sa tríú hait le 61 suíochán agus iad chun cinn ar an UUP sa cheathrú háit le 51 suíochán agus an SDLP a bhí níos faide siar le 36. Ní dhearna an TUV an dul chun cinn a raibh Jim Allister ag dréim leis agus gan acu ach ocht suíochán.
Ni hamháin gur fáisceadh an UUP agus SDLP sa choimhlint idir Sinn Féin agus an DUP ach d’éirigh go holc leis na mionpháirtithe eile, An Comhaontas Glas (3), Pobal roimh Bhrabach, PUP agus Aontú.
Faoi mhaidin Dé Satharn bhí sé soiléir go mbeadh an líon is mó comhairleoirí ag Sinn Féin agus é soiléir gur acu a bhí an sciar is mó de na vótaí. Scéal mór ab ea é gur bhain siad suíocháin i ndúnáras na n-aontachtach ar an mBaile Meánach agus i Lios na gCearrbhach. Ba chosúil gurb í Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh an t-aon ait nach mbeadh ionadaí acu ach mhéadaigh siad a vóta ansin freisin.