Sásta go maith a bhí cuid mhaith de na daltaí a thug faoi Pháipéar a hAon inniu mar chuid de scrúdú Gaeilge na hArdteiste.
An chluastuiscint agus an cheapadóireacht a bhí mar chuid de scrúdú an lae inniu agus cé nach raibh aon radharc ar roinnt ábhar lena raibh daltaí ag súil, meastar go raibh rogha ann do nach mór gach duine mar sin féin.
Cinnte bhí na daltaí ar labhair Tuairisc leo ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i gConamara an-sásta leis an bpáipéar a leagadh os a gcomhar tráthnóna.
“Thaitin sé go mór liom,” a dúirt Kayleigh Ní Ruanaigh. “Cheap mé go raibh na topaicí sách feiliúnach don lá atá inniu ann – an costas maireachtála in Éirinn, drugaí sa saol agus daoine óga, chuile shórt mar sin.”
“Bhí na cainteoirí [sa gcluastuiscint] beagáinín sciobtha ach bhí an aiste togha,” a mheas Ailbhe Ní Neachtain. “Phioc mé an aiste ar chúrsaí drugaí, an fhadhb a bhaineann le cúrsaí drugaí, agus bhí sé éasca pointí a fháil don aiste.”
Ní hí Ailbhe amháin a raibh deacrachtaí aici leis an chluastuiscint, áfach, agus é le rá ag Marcus Ó Tuathail-Robinson go raibh dúshlán ag baint léi.
“Bhí an chluastuiscint sách deacair, caithfidh mé a rá, ach bhí an scéal a bhí orm a scríobh togha,” a dúirt Marcus.
“Tá mé ag labhairt Gaeilge ó rugadh mé agus, dá bharr, ní raibh orm tada a réiteach. Bhí mé in ann dul isteach sa scrúdú agus mo smaointe a chur trasna agus sílim go ndearna mé sách maith.”
Bhraith Patrick Ó Flannaire freisin an buntáiste atá ag daltaí na Gaeltachta agus iad ag tabhairt faoin pháipéar Gaeilge, go háirithe i gcomparáid leis an scrúdú Béarla a bhí acu an tseachtain seo caite.
“Mar gheall go bhfuil mé i mo chónaí sa nGaeltacht, ní cheapaim go raibh an Ghaeilge níos deacra ná an Béarla. Ceapaim go raibh an Béarla níos deacra ná an Ghaeilge,” a dúirt sé.
Ní hiad daltaí na Gaeltachta amháin a bhí sásta théis na scrúduithe de réir na dteachtaireachtaí atá foilsithe ar na meáin shóisialta.
“If Irish paper 1 was any easier it would’ve been in English,” a dúirt duine amháin ar Twitter.
If Irish paper 1 was any easier it would’ve been in English #leavingcert
— Thomas (@Thomas80754191) June 12, 2023
Cé gur léiríodh díomá nach raibh an t-athrú aeráide nó cúrsaí timpeallachta i measc na n-ábhar don cheapadóireacht, is léir go raibh an-tóir ar an aiste faoi dhrugaí in Éirinn.
My genuine reaction to opening paper 1: pic.twitter.com/AgyoH3hN6h
— Killers of the Flower Mitch (@fleMitchfilm) June 12, 2023
Drugaí but no Athrú Aeraide, Daoine Óige, Spóirt nó Mná sa sochaí isteach sa Irish Paper 1 pic.twitter.com/UFm8tpeL6O
— Kieran🇰🇷🐯 (@thfckizza) June 12, 2023
Ní raibh gach duine sásta agus iad ag siúl amach ón scrúdú, áfach.
When you write about teenagers in your irish paper 1 because you thought it said “déagóir” not “éagóir” (injustice) pic.twitter.com/G4oUipnzI5
— Xxx (@JoeMama50455553) June 12, 2023
Maidin amárach a thabharfaidh daltaí na hArdteiste faoi Pháipéar 2 na Gaeilge.