Dúchas sa Cheol le Dr Lauren Ní Néill
Dúchas sa Cheol le Dr Lauren Ní Néill
@ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇
Léacht nó Caint Oíche Chultúir Siamsaíocht Agus EalaínCaint cheolmhar a amharcann ar an nasc idir ár logainmneacha agus ár gceol anseo mar chuid d'Oíche Chultúir.
Is gné ríthábhachtach dár n-oidhreacht chomhroinnte í traidisiún na logainmneacha anseo, toisc go dtugann siad léargas dúinn ar stair agus ar thírdhreach ár gceantar áitiúil. Meastar go dtagann timpeall 95% dár logainmneacha ón Ghaeilge agus tá siad fite fuaite sa cheol. Sa cheardlann seo amharcfaimid ar logainmneacha Chúige Uladh atá luaite sa cheol. Gheobhaidh daoine léargas ar bhunús na logainmneacha, agus cloisfidh siad ceol a bhfuil nasc láidir aige leis na logainmneacha.
22|09|23, 1:00 - 2:00pm
Cláraigh: https://forms.gle/HNafmuRutaJJoop17