Riarthóir Cumarsáide, Forbartha agus Polasaithe
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá folúntas lánaimseartha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do Riarthóir Cumarsáide, Forbartha agus Polasaithe.
Duine fuinniúil, díograiseach agus tiomanta atá ag teastáil agus cuirfear traenáil agus oiliúint ar fáil don té a cheapfar.
Fáilteofar roimh iarratais ó iarrthóirí leis na scileanna, taithí agus cáilíochtaí seo a leanas:
- Cáilíochtaí tríú leibhéal sa réimse Gnó, Margaíochta, Cumarsáide, Riaracháin, Sláinte agus Sábháilteacht nó a leithid.
- Sár scileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta.
- Líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge.
- Saineolas ar an earnáil luathbhlianta ina bhuntáiste.
- Eolas agus tuiscint ar na forais éagsúla tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta.
- Ard scileanna ríomhaireachta agus IT, san aireamh Word, Excel, PowerPoint.
- Ceadúnas glan tiomána
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go Aoine. Beidh an té a cheapfar lonnaithe sa bpríomhoifig ar an gCeathrú Rua.
Socrófar tuarastal agus coinníollacha pá leis an té a cheapfar.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe le chéile ón agallamh seo chun poist don chineál céanna a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá tuilleadh eolais agus dualgais an phoist le fáil ar shuíomh idirlín na comhlachta:
www.cnng.ie.
Seol litir iarratais mar aon le CV cuimsitheach, ar ríomhphost amháin, chuig Príomhfheidhmeannach CNNG roimh an 30/11/2023.
Seoladh ríomhphost: eolas@cnng.ie
Ba choir sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |