Iarratas ar Thairiscintí: Taighde ar Riachtanais Speisialta Oideachais in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge (iar-bhunscoileanna T1)
COGG
Taighde a dhéanamh, mar atá déanta ag an mbunleibhéal T1, ar na riachtanais speisialta oideachais (RSO), in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla.
Faisnéis phraiticiúil (Feic thíos) atá á lorg ag COGG, faisnéis a chuirfidh ar chumas COGG léargas cuimsitheach a fháil ar chúrsaí a bhaineann le RSO in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, gaelcholáistí agus Aonaid lánGhaeilge faoi láthair, sainriachtanais na scoileanna sin a aithint maidir le freastal ar scolaírí a bhfuil RSO acu, agus moltaí agus cinntí a dhéanamh maidir leis an tacaíocht is oiriúnaí agus is féidir a chur ar fáil do na hiar-bhunscoileanna T1 agus an obair sin ar siúl acu.
- Cad iad na cineálacha RSO a thagann chun cinn in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lánGhaeilge?
- Conas a aithnítear na riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna sin?
- Cad iad na dúshláin is mó a gcaitear dul i ngleic leo maidir le freastal ar na riachtanais sin sna scoileanna?
- Cad iad na tacaíochtaí is mó atá ag teastáil ó na scoileanna sin ionas gur féidir leo freastal ar riachtanais na scoláirí a bhfuil RSO acu?
Is uasmhéid de €36,000 a bheidh ar fáil don togra seo chomh maith le maoiniú €6,000 do chostais eagraithe fócasghrúpaí le múinteoirí tacaíochta agus príomhoidí. Beidh an cinneadh maidir le roghnú an iarrthóra/ na n-iarrthóirí rathúla faoi réir ag painéal neamhspleách.
An dáta deiridh a ghlacfar le tairiscint: 5.00 i.n. Dé hAoine 22 Nollaig, 2023.
Ní mór d’iarrthóirí an tairiscint a sheoladh chuig tairiscint@cogg.ie.
Ní ghlacfar le hiarratais ar thairiscintí tar éis an spriocdháta, 5.00 i.n. Dé hAoine 22 Nollaig 2023
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |