Ceapann seisear as gach deichniúr gur cheart gur aire sinsearach a bheadh freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt 59% gur chóir go mbeadh aire sinsearach le Gaeilge freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in ionad aire sóisearach nach mbíonn ag Bord an Rialtais.
Tarmligthe le haire stáit a bhí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 2011.
Tá Gaeilge ag an mbeirt airí sa roinn ar a bhfuil cúram na Gaeltachta faoi láthair, an tAire Catherine Martin agus Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne.
Bhain conspóid le ceapachán airí Gaeltachta le roinnt blianta anuas.
In 2014, cheap Enda Kenny Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta cé nach raibh aon Ghaeilge aige.
Léiríodh amhras freisin faoi chumas teanga Jack Chambers, réamhtheachtaí Thomas Byrne, nuair a ceapadh san aireacht sin é.
Beidh príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.
Léirigh an phobalbhreith chomh maith go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a chreideann gur chóir don stát níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.
Dúirt 71% gur chóir don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 65% in 2021.
47% de dhaoine sa Tuaisceart a dúirt gur cheart níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 40% in 2021.
Rinneadh na hagallaimh ar líne don phobalbhreith i mí an Mheithimh.
Rinneadh 1,759 agallamh ó dheas den teorainn agus is é +/- 2.4% an corrlach earráide.